Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::10 December, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 10 Nollaig, 1959.

Thursday, 10th December, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Sláinte, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Árachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach, Oifig an tSoláthair, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Ceardoideachas, Eolaíocht agus Ealaín, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus Ollscoileanna agus Coláistí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), P. Ó Céadaigh (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), T. Ó Maoileoin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), P. Mac Guill agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.5 p.m. go dtí 3 p.m., Dé Céadaoin, 6 Eanáir, 1960.