Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments [7]::13 November, 1959::Report

TUARASCAIL

CUID I.

1. Ó eisíodh an Chéad Tuarascáil* scrúdaigh an Rogha-Choiste an céad agus a hocht (108) ionstraim reachtúil atá ar liosta sna hImeachtaí. Chinn an Coiste gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar sheacht gcinn (7) de na hionstraimí seo ar na hábhair atá leagtha amach i gCuid II den Tuarascáil seo.


2. I dteannta aird a dhíriú ar ionstraimí sonraithe is é mian an Rogha-Choiste tuairimí ginearálta áirithe a lua maidir le nithe a thug sé faoi deara le linn a dhíospóireachta. Tá na tuairimí sin i gCuid III.


3. Do réir a Ordaithe Thagartha, thug an Rogha-Choiste, sara dtug sé a thuarascáil ar aon ionstraim, deis do gach Roinn Rialtais nó comhlacht eile lena mbaineann cibé mínithe a thabhairt ba chuí le húdarás déanta na hionstraime. Tá na mínithe a tugadh leagtha amach i bhFo-Scríbhinní I go VII.


CUID II.

4. Mheas an Rogha-Choiste nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (i), (ii) agus (v) den Ordú Tagartha.


5. Ar fhoras (iii) is é sin “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnáthach nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aige de na cumhachta a thug an Reacht faoina ndearnadh é” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an dá (2) ionstraim seo a leanas:—


(a) Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 148 de 1958].


Is é cuspóir na rialachán seo a rinneadh faoi alt 31 (4) den Acht Sláinte, 1947, cabhrú le húdaráis sláinte airgead a éileamh as vacsainiú polaimiailíteas arna dhéanamh ar dhaoine seachas iad-sin a bhaineann leis an aicme íseal-ioncaim de bhua alt 14 (2) den Acht Sláinte, 1953. Faoi airteagal 4 de na rialacháin féadfar a cheangal ar dhaoine a iarrann an tseirbhís vacsainithe “an méid eolais a theastóidh ón údarás sláinte a thabhairt dóibh.” Deir an Roinn Sláinte, maidir leis an údarás reachtúil atá leis an airteagal seo (léigh Fo-Scríbhinn I), gur cuireadh in iúl don Aire go bhféadfaí an abairt “Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh chun … muirir a ghearradh …” in airteagal 31 (4) den reacht bunaidh a léiriú mar abairt á údarú forálacha mar iad-sin san alt a chur isteach.


Is léir ón gcomhfhreagras leis an Roinn a dtugtar athfhriotal air i bhFo-Scríbhinn I, gurb é aon-chuspóir an airteagail sin a chur ar chumas údarás sláinte a dhéanamh amach cé acu a bhaineann iarratasóirí a iarrann vacsainiú in aisce leis an aicme íseal-ioncaim nó nach mbaineann. De ghnáth, dhéanfaí amach teideal a bheith ag na hiarratasóirí sin dá mbeidh Cártaí Seirbhíse Liachta Ginearálta acu. I gcásanna, ámh, nár iarr na hiarratasóirí sin cártaí, bheadh ar údaráis sláinte leas a bhaint as an gcumhacht a thugtar dóibh in airteagal 4 chun eolas a fháil maidir le maoin, líon cleithiúnaithe, agus imthosca ginearálta an iarratasóra. Sa chaoi ar dréachtaíodh an fhoráil, ámh, tugtar cumhacht d’údaráis sláinte a cheangal ar aon iarratasóir, bíodh sé ag iarraidh seirbhís in aisce nó ná bíodh, aon eolas a theastóidh ó na húdaráis a thabhairt dóibh.


Ós rud é gurb é tuairim an Choiste go n-airbheartaíonn an fhoráil atá i gceist níos mó cumhachta a thabhairt d’údaráis sláinte ná mar is gá dóibh chun an tseirbhís lena mbaineann na rialacháin a riaradh go héifeachtúil chinn sé go ndíreofaí aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim.


(b) Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 193 de 1958].


Tá alt 6 de na rialacháin roimhe seo mar leanas:—


“Sara dtionscnaí an Chomhairle iniúchadh de thoradh gearáin i scríbhinn féadfaidh an Chomhairle a cheangal ar an duine a dhéanfaidh an gearán suim réasúnach a shocróidh an Chomhairle a íoc chun costais agus caiteachais an iniúchta agus an aturnae a bhfuil an gearán á dhéanamh faoi a ghlanadh. Féadfaidh an Chomhairle déanamh mar is cuí leo le haon suim a íocfar amhlaidh.”


Éilíonn Comhairle Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann (léigh Fo-Scríbhinn II) go bhfuil údarás acu ó alt 66 (1) (d) agus (e) den reacht bunaidh, is é sin Acht na nAturnaetha, 1954, an fhoráil sin a dhéanamh. Luann siad gur cuireadh in iúl dóibh go bhfuil na forálacha a bhaineann le hairgead a íoc cúntach, foghabhálach le cuspóirí an ailt agus faoi údarás an reachta. Baineann an t-alt atá i gceist le rialacháin a dhéanamh maidir le cuntais aturnaetha agus is mar leanas atá an chuid iomchuí de:—


“66—(1) Beidh forálacha maidir leis na nithe seo a leanas i rialacháin a dhéanfar le comhthoiliú an Phríomh-Bhreithimh


........................................................................................................................


(d) comhlíonadh na rialachán a chur i bhfeidhm;


(e) cinntiú á fháil ar chomhlíonadh na rialachán;


........................................................................................................................”


Cé go measfaí gur rud réasúnach, fiú rud riachtanach, é go gceanglódh an Chomhairle ar ghearánaí suim a íoc a ghlanfadh costais iniúchta is dóigh leis an gCoiste gur úsáid neamhchoitianta cumhachta ag an gComhairle é a fhoráil go bhfuil cead acu “déanamh mar is cuí leo le haon suim a íocfar amhlaidh.” Is é tuairim an Choiste go mb’fhearr a lua go cruinn sna rialacháin cad é an nós imeachta is inleanta chun déileáil le haon suim a gheofar amhlaidh.


6. Ar fhoras (iv) is é sin “go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na trí ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 52 de 1958].


An tOrdú um Pá an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 51 de 1958].


An tOrdú um Pá an Gharda Shíochána (Uimh. 2), 1958 [I.R. Uimh. 156 de 1958].


Airbheartaíonn na horduithe seo uile, a bhaineann le pá agus liúntais comhaltaí den Gharda Síochána, éifeacht chúlghabhálach a bheith acu nuair nach bhfuil aon údarás sainráite sa reacht bunaidh, i., Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925. Maíonn an Roinn Dlí agus Cirt (léigh Fo-Scríbhinn III) gur mhó de riail ná d’eisceacht é feidhm chúlghabhálach a bheith ag orduithe den sort sin. Tá de chuspóir ag cuid mhór de na horduithe méaduithe luach saothair a bhíonn deonaithe cheana féin do sheirbhísigh poiblí eile a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána freisin. I gcásanna den sórt sin tá na forálacha cúlghabhálacha ceaptha chun a chinntiú go bhfaighidh an Garda Síochána saol chomh fabharach le daoine eile atá i bhfostaíocht an phobail. Rud eile de, tá forálacha sa reacht cumasúcháin á cheangal go gcaithfear dréacht de gach Ordú pá a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí ionadacha oiriúnacha don Gharda Síochána, a gcaithfidh an tAire Dlí agus Cirt a gcuid uiríolla (más aon uiríolla) a bhreithniú sara ndéanfar an tOrdú.


Tuigeann an Coiste a dheacracht atá sé forálacha cúlghabhálacha a sheachaint in orduithe den sórt seo, ach, mar sin féin, is é a thuairim nach foláir dó aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí toisc nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chun na forálacha faoi seach a dhéanamh. Rud eile de, ní mhothaíonn sé gur fál go haer é, i gcúrsaí feidhm, chúlghabhálach a sheachaint, go gcaitear dul chun cainte roimh ré le Comhlachtaí Ionadacha don Gharda Síochána. Lena chois sin, ní fheictear don Choiste go mbíonn de chuspóir ag gach ordú den sórt seo méaduithe a tugadh cheana féin do sheirbhísigh poiblí eile a thabhairt don Gharda Síochána, m.sh. An tOrdú um Pá an Gharda Shíochána, 1958.


7. Ar fhoras (vi), is é sin “go mba cheart ar aon fháth speisialta a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na trí hionstraimí seo a leanas:—


(a) Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 193 de 1958].


D’iarr an Coiste ar Chomhairle Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann míniú a thabhairt dóibh ar dhá phointe maidir le dréachtú na hionstraime seo, is é sin, (1) úsáid na habairte “gach cumhachta agus aon chumhachta eile lena gcuirtear seo ar a gcumas,” agus (2) focail chlásail 3, ina bhforáltar go léifear le chéile na rialacháin agus rialacháin roimhe sin agus “go n-athróidh agus go leasóidh siad iad a mhéid atá na rialacháin seo ar neamhréir leo.”


Do mhínigh an Chomhairle (léigh Fo-Scríbhinn II), nuair a d’úsáid siad na habairtí a luaitear thuas, go raibh siad ag leanúint don fhasach a bhí sna rialacha a rinne Coiste Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha a mheasann go bhfuil údarás úsáide fada ag abairtí den sórt sin agus go bhfuilid inmhianaithe mar gheall ar an méadú mór atá tagtha ar reachtaíocht díreach nó neamhdhíreach.


Tá curtha in iúl ag an gCoiste cheana féin* go n-aontaíonn sé le tuairim Choiste a bhí ann roimhe seo, má úsáidtear abairtí den sórt a aithristear ag (1) thuas, go bhfágann sin lua údaráis a bheith gan mhaith. Maidir le (2) ní léir don Choiste cad é an gá a bhí leis an abairt ghinearálta agus is dóigh leo go bhfágann sé brí cheart na hionstraime doiléir.


(b) Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhaigh a Chruinniú), 1958 [I.R. Uimh. 225 de 1958].


(c) Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhach) (Céatadán), 1958 [I.R. Uimh. 228 de 1958].


Dar leis an gCoiste gur gá míniú éigin ar dhá phointe a bhaineann le foirm na n-ionstraimí roimhe seo. Ar an gcéad dul síos, tá séala Bhord na gCon fíordheimhnithe trí shíniú Chathaoirligh an Bhoird agus síniú a Phríomh-Oifigigh. Forálann alt 15 (2) d’Acht Thionscal na gCon, 1958, go “bhfíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú Chathaoirligh an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.” Mar sin de, cé go dtugtar údarás sainráite don Chathaoirleach an séala a fhíordheimhniú ní thugtar sin don Phríomh-Oifigeach agus níl aon ní san ionstraim féin a thaispeánfadh go bhfuil an t-údarás sin aige, iarbhír. Sa dara háit, is thíos faoi shéala an Bhoird atá an sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhaigh a Chruinniú), 1958. Aontaíonn an Coiste leis an tuairim a nocht Rogha-Choiste roimhe seo os rud é go mbeidh an fheidhm chéanna leis an sceideal a bheidh leis na rialacháin féin gur chóir é a bheith fianaithe ar an tslí chéanna agus é a bheith os cionn an tséala agus ní faoi.


Mhínigh Bord na gCon (léigh Fo-Scríbinn IV), an tráth a rinneadh na hionstraimí go raibh údarás tugtha, iarbhír, don Phríomh-Oifigeach chun an séala a fhíordheimhniú agus tá gealltanas tugtha aige go luafar in ionstraimí sa todhchaí é mar dhuine dar tugadh an t-údarás sin. Gheall an Bord freisin cuimhne a choinneáil ar thuairimí an Choiste maidir le fianú sceideal nuair a bheadh ionstraimí reachtúla á ndéanamh acu feasta.


CUID III.

8. Clásail Ghinearálta.


Tar éis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1958 [I.R. Uimh. 233 de 1958] a scrúdú, d’iarr an Rogha-Choiste ar an Roinn Leasa Shóisialaigh meamram a sholáthar ag míniú brí an chlásail seo leanas san ionstraim:—


“(2) References in these Regulations to the Principal Act or the Act of 1956 or regulations made under the Principal Act or the Principal Act as amended by the Act of 1956, shall be construed as references to that Act or those regulations as amended or extended or modified by any subsequent enactment or regulations.”


Dealraíonn sé don Choiste, ó fhreagra na Roinne (léigh Fo-Scríbhinn V), nach raibh aon cheann de na forálacha in I.R. Uimh. 233 de 1958 ag brath le haghaidh mínithe ar an gclásal thuas tráth déanta na hionstraime. Dealraíonn gurb é feidhm an chlásail a áirithiú, má leasaítear, má leathnaítear nó má mhodhnaítear aon cheann de na rialacháin nó de na reachta a luaitear i gclásal míniúcháin na hionstraime fhad agus a bheidh an ionstraim i ngníomh nach gá an ionstraim a leasú gan de chuspóir leis sin ach chun na tagairtí a thabhairt suas go dáta.


Tuigeann an Coiste go bhfuil d’éifeacht ag clásal ginearálta den sórt sin méad na reachtaíochta tairmligthe a laghdú agus ní holc leo ceann a chur in ionstraim mar I.R. Uimh. 233 de 1958 nach bailí ach ar feadh aon bhliana amháin. Bheadh imní air, ámh, dá mba é an toradh a bheadh ar chlásail den sórt sin cuspóir na rialachán ina bhfuil siad a dhéanamh doiléir. B’fhéidir go mbraithfeadh cáilíocht forálacha ionstraime ar na forálacha in ionstraimí eile. Dá leasaítí na rialacháin deireannacha seo tar éis an ionstraim a dhéanamh d’fhágfadh an sórt seo clásail ghinearálta go gcaithfí aird a thabhairt ar na leasuithe nuair a bheifí ag forléiriú na hionstraime. Dá mbeadh leasuithe líonmhara ann, ba mhaith leis an gCoiste go n-athghairmfí an ionstraim agus go gcuirfí rialacháin suas go dáta ina hionad. Mothaíonn sé gur cheart go mba mhian le Ranna Rialtais sa chás seo féachaint chuige go bhfágfaí fo-reachtaíocht chomh so-thuigthe agus is féidir.


9. Comhdhlúthú.


Tá dúil ar leith ag an Rogha-Choiste go gcuirfí, a mhéid is feidir é, ionstraimí reachtúla ar fáil i bhfoirm inar féidir leis an ngnáth-phobal iad a thuiscint go héasca. Cé gur tábhachtach an ní é friotal soiléir is rud inmhianaithe é go mbeadh gach ionstraim intuigthe aisti féin. Is é b’fhearr uile a mbeadh de reachtaíocht ann ag baint le haon ábhar amháin a chorprú in ionstraim amháin, ach is léir nach i gcónaí is féidir sin a dhéanamh. Más rud é, ámh, go ndearnadh oiread sin athruithe ar ionstraimí ar feadh tréimhse gur gá a lán tagairtí a rianú siar le teacht ar bhrí na hionstraime, is é tuairim an Choiste gur chóir dul i gceann an chomhdhlúite a luaithe is féidir. Is dóigh leis an gCoiste gur rud fíorthábhachtach é go mbeadh fáil, i bhfoirm chomhdhlúite, ar ionstraimí a ndearnadh anchuid leasuithe orthu agus a bhaineann le mórchuid den phobal.


Ar na hionstraimí reachtúla a scrúdaigh an Coiste bhí roinnt ag leasú orduithe agus rialachán áirithe a bhain leis na seirbhísí sláinte. Ós rud é nach bhfuil sna hionstraimí leasúcháin ach reachtaíocht trí thagairt, d’iarr an Coiste ar an Roinn Sláinte meamram a sholáthar ar an seans go gcuirfí an tsraith ar fáil i bhfoirm chódaithe toisc suim a bheith ag cuid mhór den phobal iontu. San fhreagra a thug an Roinn (léigh Fo-Scríbhinn VI) dírítear aird ar an bhfíoras nach bhfuil sna leasuithe ach oiriúnuithe ar ionstraimí a rinneadh roimhe sin, oiriúnuithe a rinneadh toisc go ndearnadh reachtaíocht nua. Deir an Roinn ina dhiaidh sin nach mbeadh moill ar an té a mbeadh sé de dhualgas air na seirbhísí a oibriú na hathruithe a rinneadh a scríobh isteach sna cóipeanna de na bun-rialacháin atá acu. Ceapann an Coiste nach mbeadh, ceart go leor, moill ar oifigigh a mbeadh seanchleachtadh acu ar rudaí den sórt seo na leasuithe a chur isteach ach ní thig leo glacadh leis sin mar dheismireacht ar a shoiléire a thuigfidh daoine eile na hionstraimí. Mar sin féin, aontaíonn an Coiste leis an Roinn, ós rud é nach bhfuiltear ach i mblianta tosaigh na seirbhísí sláinte, blianta nach mór a bheith ag coinne le hathruithe, nach dtáinig an t-am fós inar chóir comhdhlúthú a dhéanamh. Ba mhaith leis, ámh, a rá go bhfuil dóchas aige go gcuirfear dlús leis na horduithe agus na rialacháin atá i ngníomh a chomhdhlúthú nuair is léir nach mbeidh gá le tuilleadh leasuithe go ceann tamaill.


Maidir le ceist seo an chomhdhlúite ba mhaith leis an gCoiste tagairt freisin do na cúinsí faoi leith a bhaineann le Rialacháin Óglaigh na hÉireann. De bharr cúiseanna a bhaineann leis an gcód is reachtaíocht trí thagairt is mó a bhíonn sna rialacháin seo, agus ní gnáth-fhoirm ionstraimí reachtúla. I mí na Márta, 1956, chuir an Roinn Cosanta in iúl do Rogha-Choiste roimhe seo* go raibh códú na n-ionstraimí ar siúl, ach anois, tá an Roinn tar éis a rá leis an gCoiste láithreach (léigh Fo-Scríbhinn VII) gur beag dul chun cinn atá déanta maidir le comhdhlúthú de bhrí gur atheagraíodh na dualgais chun tíobhas maidir le méid na foirne a chur i gcrích. Is é tuairim an Choiste nach mbeidh deireadh leis na lochta a bhaineann leis na rialacháin seo, mar gheall ar a ndoiléire, nó go mbeidh foirne códaithe díobh ar fáil. Tá súil aige dá bhrí sin go gcoimeádfaidh an Roinn an scéal faoi bhreithniú agus go ndéanfaid a ndícheall an obair a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir.


10. Nótaí Míniúcháin le hIonstraimí Reachtúla.


Is mór an chabhair do gach aon duine a mbíonn air reachtaíocht thairmligthe a fhorléiriú an nóta míniúcháin a chuirtear anois le gach ionstraim reachtúil, beagnach. Bíonn fiúntas an nóta ag brath uile go léir, beagnach, ar a shoiléire a chuirtear síos míniú ar bhrí na hionstraime. Tuigeann an Coiste go maith a dheacracht atá sé ionstraim reachtúil a bhaineann le hábhar casta teicniúil a dhréachtadh i dtéarmaí a thuigfidh cách ar an bpointe ach mothaíonn sé gur chóir go bhféadfaí an nóta míniúcháin, nach bhfuil aon fheidhm dlíthiúil leis, a chur sa dóigh a mbeadh brí na hionstraime intuigthe go réidh ag gach n-aon lena mbaineann. Dá líonmhaire na daoine lena mbainfidh forálacha ionstraime is ea is mó atá gá leis an nóta a bheith soiléir. Maidir leis seo, ní deimhin leis an gcoiste cuid de na nótaí a cuireadh le cuid de na rialacháin sláinte a bheith chomh fiúntach agus ba chóir iad a bheith. Mar shampla, seo thíos an nóta míniúcháin a ghabhanne leis na Rialacháin um Sheirbhísí Ginearálta Forais agus Sainliachta (Leasú) 1958. [I.R. Uimh. 266 de 1958]:—


“These regulations make amendments in the regulations governing Institutional and Specialist Services arising from the alterations in the classes eligible for these services made by the Health and Mental Treatment (Amendment) Act, 1958, and the Social Welfare (Amendment) Act, 1958.”


Os rud é gurb éard atá san ionstraim féin ar fad leasuithe ar mhionphointí a bhí i rialacháin roimhe agus nach féidir í a thuiscint gan breathnú ar na rialacháin sin eile tuigfear gur beag an chabhair an nóta do léitheoir a dteastaíonn uaidh na forálacha a thuiscint go tapaidh. Ag díriú aird faoi leith dhó ar an sampla seo, is é cuspóir an Choiste a chur ina luí ar gach údarás a bheidh ag déanamh ionstraim a riachtanaí atá sé nóta míniúcháin soiléir dóthaineach a chur ar fáil le gach ionstraim.


(Sínithe) GEORGE O’BRIEN,


Cathaoirleach.


13 Samhain, 1959.


* T.162—Pr. 4685. Tíolacadh 16 Iúil, 1958.


* An Chéad Tuarascáil (T.162—Pr. 4685); mír 9.


† An Chéad Tuarascáil (T.152—Pr. 3001); mír 10.


* An Dara Tuarascáil (T.154—Pr. 3864); mír 10.