Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments [7]::31 July, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 31 Iúil, 1958.

Thursday, 31st July, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Fearáin agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an ceathracha a cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1958 [I.R. Uimh. 63 de 1958].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fhostaíochta), 1958 [I.R. Uimh. 125 de 1958].


Na Rialacháin fán Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940 (Coinneáil) (Leasú) 1958 [I.R. Uimh. 16 de 1958].


An tOrdú um Oifigí Sláinte (Athaicmiú), 1958 [I.R. Uimh. 46 de 1958].


Na Rialacháin um Ullmhóidí Leighis (Fógraíocht agus Díolachán), 1958 [I.R. Uimh. 135 de 1958].


An tOrdú fán Ordú um Oibriú Cora Iascaigh (Uimh. 1), 1954 (Cúlghairm), 1958 [I.R. Uimh. 121 de 1958].


Na Rialacháin Mheáchan agus Tómhas (Taximhéadar: Alt 136 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933) (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 139 de 1958].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958 [I.R. Uimh. 13 de 1958].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna), 1958 [I.R. Uimh. 14 de 1958].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 132 de 1958].


An tOrdú um Fheithiclí Seirbhíse Poiblí (Taisteal Eadarnáisiúnta), 1958 [I.R. Uimh. 81 de 1958].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Bhrí Chualann (Tórainn d’Athrú) 1958 [I.R. Uimh. 48 de 1958].


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 50 de 1958].


Rialacháin na dTithe (Oibreacha Deisiúcháin agus Feabhsúcháin), 1958 [I.R. Uimh. 75 de 1958].


An tOrdú chun Onnmhaire a Rialú, 1958 [I.R. Uimh. 79 de 1958].


Na Rialacháin Um Rialú Iomlaoide (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 40 de 1958].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath (Lá Toghcháin, 1958), 1958 [I.R. Uimh. 126 de 1958].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1958 [I.R. Uimh. 104 de 1958].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Atha Cliath), 1958 [I.R. Uimh. 103 de 1958].


An tOrdú um Banc Taisce an Phoist. (Tórainn le Taiscí), 1958 (Dréacht) [I.R. Uimh. 90 de 1958].


An tOrdú um an Aire Poist agus Telegrafa (Gníomhaireacht), 1958.


Na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Réim Dlithe a Leathnú), 1958 [I.R. Uimh. 76 de 1958].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh], 1958 [I.R. Uimh. 106 de 1958].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil), 1958 [I.R. Uimh. 61 de 1958].


An tOrdú fán Ordú um Chumann Croise Deirge na hÉireann, 1939 (Leasú), 1958.


Na Rialacháin um Acht na Leanaí, 1941 (Alt 21), 1958 [I.R. Uimh. 12 de 1958].


An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1958 [I.R. Uimh. 119 de 1958].


An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1958 [I.R. Uimh. 72 de 1958].


Na Rialacháin Ime Uachtarlainne (Tobhach), 1958 [I.R. Uimh. 73 de 1958].


An tOrdú um Fhiaile Dhíobhálach (Gnáth-Bharbróg), 1958 [I.R. Uimh. 120 de 1958].


An tOrdú Muilleoireachta Cruithneachtan (Athrú Ginearalta ar Chuota), 1958 [I.R. Uimh. 6 de 1958].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Límistéir atá le Glanadh) (Uimh. 1), 1958 [I.R. Uimh. 78 de 1958].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Feoil Chapaill) (Tosach Feidhme) 1958 [I.R. Uimh. 83 de 1958].


Na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur) (Feoil Chapaill), 1958 [I.R. Uimh. 84 de 1958].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1952 (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 140 de 1958].


An tOrdú fán Ordú um Thoradh Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1956 (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 80 de 1958].


An tOrdú um an Acht Síolrúcháin Eallach Stoic, 1925 (Feidhm maidir le Collaigh), 1958 [I.R. Uimh. 93 de 1958].


Na Rialacháin Shíolrúcháin Eallach Stoic (Collaigh) (Saghsanna Neamhoiriúnacha), 1958 [I.R. Uimh. 94 de 1958].


Na Rialacháin um an Ordú Ime (Rialú i Límistéar Sceidealta) 1957 (Cúlghairm), 1958 [I.R. Uimh. 146 de 1958].


An tOrdú um Acht Tionscail na gCon, 1958 (Lá Bunuithe), 1958 [I.R. Uimh. 150 de 1958].


An tOrdú um an Acht Praghsanna 1958 (Tosach Feidhme), 1958 [I.R. Uimh. 98 de 1958].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána 1958 [I.R. Uimh. 52 de 1958].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 51 de 1958].


An tOrdú d’Fhorchur Dleacht (Fionraí Ilghnéitheach), 1957 [I.R. Uimh. 268 de 1957].


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 148 de 1958].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.30 a.m.