Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments [7]::13 November, 1959::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDÚ TAGARTHA.

4 Iúil, 1957:—Beartaíodh: (1) Go gceapfar Rogha-Choiste a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta chun breithniú a dhéanamh ar gach Ionstraim Reachtúil a leagfar, nó a leagfar ina dréacht, os comhair Sheanad Éireann de bhun ceanglais reachtúil d’fhonn a chinneadh ar cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú chuici ar aon fhorfas nó forais acu seo a leanas:—


(i) go bhforchuireann sí muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil inti forála á cheangal íocaíochta a dhéanamh leis an Stát-Chiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon tseirbhísí a bheas le déanamh nó go n-ordaíonn sí méid aon mhuirir nó íocaíocht den tsórt sin;


(ii) go ndearnadh í de bhun aon achtacháin a bhfuil aon forála sonracha á heisiamh ó agóid sna Cúirteanna, gach tráth nó tar éis deireadh tréimhse sonraithe;


(iii) go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnáthach nó nach raibh coinne léi á déanamh aici de na cumhachta a thug an Reacht faoina ndearnadh í;


(iv) go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin d’fhoráil;


(v) go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagadh os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú;


(vi) go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú.


(2) Go mbeidh an Rogha-Choiste comhdhéanta de naonúr comhaltaí agus gur córam triúr acu.


(3) Go mbeidh cumhacht ag an Rogha-Choiste tuarascáil a thabhairt ó am go ham agus a cheangal ar aon Roinn Rialtais áirithe meabhrán a thabhairt ag míniú aon Ionstraime Reachtúla a bheas faoi bhreithniú an Rogha-Choiste nó ionadaí a cheapadh chun teacht ina láthair mar fhinné d’fhonn aon Ionstraim Reachtúil den tsórt sin a mhíniú.


(4) Go mbeidh de dhualgas ar an gCoiste, sara dtabharfaid tuarascáil gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú chun aon Ionstraime Reachtúla, caoi a thabhairt d’aon Roinn Rialtais lena mbainfidh pé mínithe, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt is oiriúnach leis an Roinn agus go mbeidh cumhacht ag an Rogha-Choiste aon mheabhráin a tugadh nó aon fhianaise eile a fuaireadar ó aon Roinn Rialtais ag míniú aon Ionstraime Reachtúla a thuairisciú do Sheanad Éireann ó am go ham. [An Seanadóir Ó Briain].


SEANADÓIRÍ D’AINMNIGH AN COISTE ROGHNAITHEOIREACHTA DON CHOISTE.


10 Iúil, 1957:—Do hainmníodh Coiste dar comhaltaí na Seanadóirí Mac Artúir, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Farannáin, Ó Fearáin, Ó Líonacháin, Ó Murchadha, Seoirse Ó Briain, Ó Coigligh agus Ó Riain.