|
TUARASCÁILCUID I—NOTAI GINEARALTA.MEAMRAM ON AIRE AIRGEADAIS DAR DATA 11 NOLLAIG, 1958.Cuntais 1955-56.1. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh tuarascálacha ar na hábhair dá dtagraítear i míreanna 4, 7, 9, 17 agus 22 dá thuarascáil dar dáta 19 Feabhra, 1958 ar na cuntais don bhliain 1955-56. Cuntais 1956-57.Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.2. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó i dtráth cuí an mórán cabhrach, chun teacht suas le riaráiste na gcásanna nach bhfuil críochnaithe fós, na nósanna imeachta nua cuntasaíochta sa Bhrainse Dleachtanna Eastáit d’Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Coimisiún agus Fiosrúcháin Speisialta.3. Tugann an Coiste faoi deara an dearbhú a tugadh nach bhfuil gníomhachtaí Choimisiúin Lámhscríbhinní na hÉireann ná an Choimisiúin Logainmneacha ag déanamh an tsaothair chéanna le Coimisiúin nó comhlachtaí eile atá ag obair ar mhaithe leis an nGaeilge. Tuigeann an Coiste a dheacra atá sé foireann oiriúnach don Choimisiún Logainmneacha a fháil agus a choinneáil ach tá díomá air leis an méid atá déanta ag féachaint don tsuim £27,000 a caitheadh sa tréimhse 10 mbliain. Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.4. Tugann an Coiste faoi deara a bhfuil beartaithe ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí chun a chinntiú nach mbeidh aon athrú ar na foirgnimh a bheidh á n-iarraidh ón am a n-aontófar leis na pleananna go dtí an t-am a mbeidh na líníochtaí oibre déanta, agus tá súil aige gur féidir caiteachas nach mbeidh riachtanach a sheachaint mar sin. 5. Ag féachaint do fhaisnéis bhreise a cuireadh ar fáil sa chás seo ní theastaíonn ón gCoiste a thuilleadh a rá. Sláinte.6. Tugann an Coiste faoi deara a bhfuil déanta i leith iniúchadh chuntas Údarás Sláinte a chríochnú. Ach ní sásúil leo go raibh cuntas amháin de chuid na bliana 1954-55 gan deimhniú fós i Nollaig, 1958. Arachas Sóisialach.7. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil an tAire tar éis a iarraidh go rachfar ar aghaidh leis na bearta, agus go dtabharfar chun críche iad, chun an Bus-Stáisiún in Aras Mhic Dhiarmada a léasadh chun Córas Iompair Éireann. CUID II—CUNTAIS AIRITHE.Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.8. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh an méid cánacha a bhí gan íoc agus ar tugadh sonraí ina dtaobh i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gurb amhlaidh a rinneadh measúnuithe cosantacha i gcásanna nach raibh dóthain eolais ag na Coimisinéirí chun an dliteanas cánach a mheasúnú go beacht, agus gur mhó ina lán cásanna na measúnuithe sin ná na méideanna a bhí le bailiú do réir mar a fuarthas amach i dtráth. Airítear sna méideanna a thaispeántar i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar mhéideanna atá gan íoc measúnuithe cosantacha agus measúnuithe a bhfuil achomhairc á ndéanamh fúthu agus ní gá gurb é a bheadh iontu riaráiste inbhailithe. Cé go bhfuil an Coiste lán-sásta leis an gcaoi a bhfuil an scéal maidir le ioncam a bhailiú, is corrabhuais leis gur féidir míthuiscint a bheith ann, maidir le méid na cánach atá gan bailiú, ó mhéid na suimeanna a thaispeántar mar shuimeanna atá gan íoc. Molann sé go gcuirfí meastacháin de na méideanna is inbhailithe, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis an ráiteas i dtaobh cánacha atá gan íoc. Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.9. Díríodh aird an Choiste ar íocaíocht ex gratia £1,300 le conraitheoir chun é a chúiteamh i gcostais bhreise oibre agus costais eile a ndeachaigh sé fúthu ag tógáil Athracháin Teileafón idir na blianta 1949 agus 1952 ar chostas £75,000. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh éileamh coimhlinneach ar oibritheoirí oilte de bharr Sanatorium Dúiche a bheith á thógáil an tráth céanna sa cheantar céanna agus gurbh éigean don chonraitheoir a chuid fear a fhostú go leanúnach ar bhreis-am de réir rátaí na gceardchumann. D’aontaigh sé gur fiontar coitianta ag conraitheoirí an t-éileamh coimhlinneach seo, ach dúirt sé gurb é beartas na gCoimisinéirí gan bheith ró-dhaingean ar fad i gcásanna den sórt sin. Mheas siad gur den cheart scair a íoc de chaillteanais a d’éirigh as cúinsí neamhghnácha nó cúinsí speisialta toisc gur mhian leo dea-mhéin na gconraitheoirí a chothú, fad is nár mhéideanna míréasúnacha a gealladh. Ba mhaith leis an gCoiste, mar sin féin, mura mbeadh cúis an-mhaith leis, go gcloífí go dlúth leis an bprionsabal gur cheart conarthaí ar shuimeanna socaire a thabhairt chun críche laistigh de théarmaí an chonartha. Aontaíonn sé gur chóir gan íocaíochtaí nár conraíodh dóibh a dhéanamh ach amháin i gcás deacrachtaí neamhghnácha nár léir roimh ré don chonraitheoir ná d’aon tairgeoir eile. Ar an ábhar sin ní go réidh a ghlacann siad leis an míniú a thugtar sa chás seo. 10. Rinneadh tagairtí i dtuarascálacha roimhe seo do chonradh £2,899 chun réamhobair a dhéanamh agus chun lobhadh tirim a dhíobhadh sula ndéanfaí foirgnimh Theach na gCanónach a oiriúnú lena n-úsáid mar scoil fhoraoiseachta. Bhí sé socair go ndéanfaí conradh eile le haghaidh na hoibre a bhain leis an lobhadh tirim ach níorbh indéanta sin toisc a dhonacht a bhí an lobhadh agus mar gheall ar an gcinéal oiriúnú a bhí le déanamh i gcoitinne. Rinneadh na hoibreacha go léir mar sin faoi na clásail “ama agus ábhar” a bhí i gconradh na réamhoibre agus ba é £110,000 an costas iomlán, ar caitheadh £70,000 de i leith an lobhadh tirim a dhíobhadh. Maidir leis an mbliain atá á breithniú, díríodh aird an choiste ar íocaíocht £3,000 eile a rinneadh ex gratia leis an gconraitheoir ar an bhforas nach raibh dóthain sa 25 faoin gcéad breise a lamháladh dó ina chonradh ar £2,899 faoi chomhair árachas, laethanta saoire bliantúla agus laethanta saoire poiblí agus barrchostas i gcoitinne, agus chun go mbeadh brabach réasúnach le fáil as obair a chosain £110,000 san iomlán agus a lean ar feadh tréimhse ab fhaide i bhfad ná an tréimhse a luadh sa chonradh. Tuigeann an Coiste gur féidir nach raibh dóthain de bhreis ag an gconraitheoir chun na barrchostais a íoc agus chun go mbeadh brabach réasúnach aige. Ach ní maith leis chor ar bith gurbh éigean do na Coimisinéirí suim £3,000 a íoc ex gratia agus is mian leis cur in iúl go diongbháilte arís a thábhachtaí atá sé go mbeadh urlámh daingean ar aon chaiteachas faoina dtéitear ar chonarthaí tógála a dhéantar ar fhoras ama agus ábhair. 11. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh toradh an chéad mhaoináirimh sa Phríomh-Cheardlann Innealtóireachta agus sna Príomh-Stórais in Inse Chaoir. Tugadh an maoin-áireamh seo chun críche i 1954 agus taispeánadh uaidh go raibh breiseanna arbh fhiú £56,577 iad agus easnaimh arbh iad a luach £51,983. Cuireadh tús le maoináireamh iomlán don dara huair in Eanáir 1957, agus táthar ag súil go mbeidh na torthaí ar fáil go luath. Rinneadh tagairt i mír 20 dá thuarascáil ar chuntais na bliana 1955-56 do dhá shraith neamhspleácha taifead a bhí á gcoinneáil do na stórais seo, ach dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nár theastaigh uaidh ceachtar den dá shraith a fhágáil ar lár go ndéanfaí breithniú ar an gceist. D’aontaigh an Coiste nach ndéanfar a thuilleadh breithnithe ar an ábhar seo go mbeidh toradh an dara maoin-áirimh le fáil. Cosaint.12. Rinneadh tagairt i mír 7 den Tuarascáil dar dháta 13 Meitheamh, 1957, do threalamh réamh-chúraim in aghaidh aer-ruathar agus stóranna liachta a ceannaíodh le linn na héigeandála agus a taisceadh i lár ionaid agus in ospidéil iomaí ar fuaid na tíre. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil iniúchadh na stóranna liachta déanta i nócha ospidéal as an 99 agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh an t-iniúchadh críochnaithe ar fad go luath. Ba mhaith leis dá gcuirfí an toradh in iúl dó. 13. I mír 8 dá thuarascáil ar na cuntais do 1954-55 thug an Coiste faoi deara gur cuireadh faoi bhráid na n-oifigeach dlí chun a breithnithe ceist an chaillteanais a tharla nuair a chlis conraitheoir i gcomhlíonadh conartha a rinne sé chun 125 gluais-rothar a cheannach. Chomh fada agus is eol don Choiste tá breithniú á dhéanamh fós ar an gceist seo agus is cúis iontais leis go dtógfadh sé breis agus trí bliana chun é a thabhairt chun críche. Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála.14. Is é is cúis le £37,000 a shábháil sa soláthar do Scéimeanna Fostaíochta i gCathracha ná an mhoill a bhí ar údaráis phoiblí ag cur isteach scéimeanna oiriúnacha chun na méideanna iomlána a leithroinneadh a úsáid. Cuireadh in iúl don Choiste gur tharla deacrachtaí do na húdaráis i mBaile Atha Cliath agus i gCorcaigh ag ceapadh scéimeanna inarbh obair neamhoilte cion sáthach mór den obair iontu, agus sna cúinsí sin gur cuireadh moill ar eisiúint na ndeontas. Tá súil aige nach ndéanfaidh na húdaráis aon dá chuid dá ndícheall maidir le réamh-phleanáil agus le dul i gcomhairle go luath le hOifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta chun a áirithiú, fhad agus a bheidh gá leis sin, go mbainfear lán-úsáid as airgead arna vótáil mar fhaoiseamh i gcás dífhostaíochta. Oifig an tSoláthair.15. Díríodh aird ar íocaíochtaí £347 agus £667 le conraitheoir clódóireachta i leith cíosa ar chló a coinníodh i gcóir ar feadh tréimhsí fada. Is le cló Rialacha na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí a bhaineann an chéad cheann de na híocaíochtaí sin, agus dealraíonn sé gurb é ba chúis leis an gcló a choinneáil ná an mhoill a tharla sa Roinn Dlí agus Chirt ag cur cuid den scríbhinn ar fáil. Tá sé ráite nach mbeidh an t-athbhreithniú ar na rialacha críochnaithe go dtí 1960. Baineann an íocaíocht eile le hobair do Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus cuireadh in iúl don Choiste gurb é ba chúis leis an moill, sa chuid is mó de, a dheacra a bhí sé daoine a fháil a bhí cáilithe go cuí chun na hoibreacha a ullmhú lena gcló. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil socrú déanta aige leis an gCoimisiún nach gcuirfear aon obair nua, chomh fada agus is féidir é, ar aghaidh chun a chlóite go dtí go mbeidh an scríbhinn go léir ar fáil. Tá súil aige nach mbeidh gá feasta, de bharr an tsocraithe seo agus socrú eile a rinneadh, le caiteachas ar chló a choinneáil go ceann tréimhsí fada, ach amháin i gcúinsí fíor-neamhghnácha. Rátaí ar Mhaoin Rialtais.16. I gcásanna áirithe bhí éilithe i leith soláthairtí uisce ina gcuid de ranníoca in ionad rátaí arna n-íoc as an vóta seo. Ach chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste go ndéanann roinnt Ranna Rialtais freisin íocaíochtaí le hUdaráis Aitiúla i leith soláthair uisce agus, toisc an seans a bheith ann go n-éileofaí airgead faoi dhó as ar aon seirbhís amháin, chuir sé fiosrú á dhéanamh chun an scéal a dhéanamh soiléir. Do mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta nár bhain an t-éileamh ba chuid dá íocaíochtaí ranníoca ach le soláthairtí uisce tís agus go mbeadh íocaíochtaí breise le déanamh leis na hUdaráis Aitiúla as uisce a sholáthrófaí chun críocha eile. Dúirt sé go mb’fhéidir gur le soláthairtí uisce nár sholáthairtí tís a bhain na híocaíochtaí a bhí na Ranna eile a dhéanamh. Toisc an amhrais a bhí dúisithe ag fiosrú an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste socraíodh go ndéanfadh an Oifig Luachála, amhail ó 1 Aibreán, 1959, gach íocaíocht as soláthairtí uisce as an Vóta seo, agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go ndéanfaí athscrúdú ar na híocaíochtaí a rinneadh i rith na bliana atá i gceist féachaint an raibh siad dlite dáiríre. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí toradh an athscrúdaithe seo in iúl dóibh. Poist agus Telegrafa.394. 17. Tarraingíodh aird an Choiste ar íocaíocht £400 ó Bhanc Taisce an Phoist a rinneadh, trí earráid, le riarthóir eastáit duine mhairbh toisc dhá ainm agus dhá shloinneadh a bheith cosúil le chéile. Aisíoceadh a thaisce leis an taisceoir ina dhiaidh sin agus táthar ag iarraidh an tsuim a íocadh in earráid a aisghabháil. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur fhiafraigh Foireann Aturnaethe i Mí Feabhra, 1955 an raibh aon airgead sa Phost-Oifig in ainm dhuine áirithe, agus thángthas ar Chuntas Bainc Thaisce faoin ainm sin, agus an seoladh céanna air. Níor tairgeadh an leabhar taisce ach dhearbhaigh an máistir poist sa cheantar nach raibh an dara duine ina chónaí sa cheantar a raibh an t-ainm agus an sloinneadh sin air, agus nuair a cuireadh síniú an duine mhairbh i gcomórtas le síniú an taisceora, measadh an comórtas a bheith slán. I Mí na Bealtaine, 1956, thairg an taisceoir a leabhar taisce agus d’éiligh a thaisce. Fuarthas amach ansin gur oscail sé a Chuntas Bainc Thaisce agus é ar saoire anseo as Sasana i 1954, ach nach raibh cónaí air sa cheantar ó bhí sé ina leanbh. Ní shíleann an Coiste mórán d’éifeachtúlacht an imeachta oifigiúil sa chás seo agus ós rud é gur chóir de ghnáth go mba chúis amhrais é nuair nach dtairgeofaí leabhar taisce is dóigh leo gur ceart foirm éigin slánaíochta a cheapadh i gcásanna mar sin. Foscríbhinn XXIII. 18. Fuarthas amach reamhrialtachtaí maidir le bailiú Dleacht Chustam, etc. i nOifig na mBeartán i mBaile Atha Cliath. Inchúisíodh agus díbheadh an t-oifigeach a fuarthas ciontach. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuair fear poist seilbh ar bheartáin neamh-mheasúnaithe indleachta agus ar lipéid áirithe éilimh neamhúsáidte a ghreamaigh sé de na beartáin agus ar thaifead sé orthu an dleacht a bhí le n-íoc. Sheachaid sé na beartáin go dtí na seolta a bhí orthu, bhailigh an dleacht agus choinnigh an t-airgead dó féin. Dúradh leis an gCoiste go mb’fhusaide an chalaois a dhéanamh nár comhlíonadh riail sheasta maidir leis na lipéid neamhúsáidte a scrios i ndeireadh gach lae, agus an chóiríocht neamhoiriúnach agus an brú daoine i bPríomh-Oifig na mBeartán. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur deimhin leis an córas smachta a bheith ceart, ach gur tugadh faillí maidir lena fheidhmiú. Thóg an Coiste ceist na maoirseachta agus tá nóta faighte acu ón Oifigeach Cuntasaíochta i dtaobh an phointe seo. Is cúis imní leis an gCoiste gur chinn ar an bhfiosrú a fháil amach conas a fuair an fear poist na beartáin sarar measúnaíodh chun dleachta iad, agus go mb’fhéidir go bhfuil comhchoirí leis an duine ag obair san Oifig fós. Tionscal agus Tráchtáil.477-499. 19. Rinneadh íocaíochtaí de mhéid £641,322 i rith na bliana de bhun chaillteanas faoina ndeachaigh Allmhaireoirí Gráin (Éire) Teoranta maidir le cainníocht de chruithneacht dúchais d’fhómhair 1956 agus 1957 a bhí d’fharasbarr ar an méid ba ghá, agus ar díoladh a tromlach mar bhia d’ainmhithe, a dhiúscairt. Tuigtear don Choiste go mba chruithneacht inmheilte an chruithneacht uile a díoladh ach go mb’éigin í a dhiúscairt chun cóiríocht stórais a fhágáil folamh. Tar éis fómhair 1957 a bheith sábháilte bhí farasbarr neamhghnáthach thar an méid a ceapadh a bheith riachtanach, is é sin 120,000 tonna, gan gnáth-thabhairt-anonn 50,000 tonna a áireamh. Measadh go bhfaighfí 380,000 tonna de bharr fómhair 1958, agus, mar sin, bheadh stóras ag teastáil do 550,000 tonna. Ní tháinig ó bharr 1958 ach tuairim 10 faoin gcéad den mhéid a measadh agus b’éigin cainníocht mhór de chruithneacht eachtrach a allmhuiriú chun an riachtanas a fhreastal. Cé go dtuigeann an Coiste nár bh’fhéidir a thuar, nuair a socraiodh an farasbarr a dhiúscairt, go mbeadh fómhar 1958 chomh fíordhona agus a bhí, is dóigh leis go mb’fhusa caillteanais sa todhchaí a choimeád chomh beag agus is féidir dá ndéantaí níos mó úsáide de chóiríocht stórais. Roinn na Gaeltachta.Foscríbhinní XXVII go XXIX. 20. Rinne an Coiste scrúdú ar na modhanna cuntasaíochta agus smachta maidir le hamh-ábhair agus le hearraí críochnaithe de chuid thionscal na Gaeltachta agus nocht a bharúil fúthu, agus, ina thuarascail dár dháta 17 Iúil, 1958, d’iarr an Coiste go ndéanfadh an tOifigeach Cuntasaíochta suirbhéireacht iomlán ar thaifid na stóras, agus thoiligh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste comhoibriú chun na críche seo. Tá toradh na suirbhéireachta le feiceáil i dtuarascálacha an Oifigigh Chuntasaíochta atá mar fhoscríbhinn leis na miontuairiscí fianaise. Cé nach mbréagnódh an Coiste focal an Oifigigh Chuntasaíochta— nár mhó le rá iad na neamhréireachtaí a nocht an tsuirbhéireacht nuair a chuimhníonn duine ar mhéid na gcainníochtaí a bhí i gceist agus ar fhad na tréimhse, níl sé sásta leis na modhanna smachta atá ag an Roinn maidir lena cuid stóras. Os rud é gur athraíodh riarachán na dtionscal an 1 Aibreán, 1958 go dtí an Bord a bunaíodh faoin Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, tá socair ag an gCoiste gan a thuilleadh a rá. 21. Faoin Acht aistríodh sócmhainní agus dliteanais na dtionscal chun an Bhoird nua. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó cad é an bunús luachála maidir leis na stoic thrádála ar aistriú agus freisin an modh a nglanfar dliteanas glan an Bhoird leis an Stát-Chiste. 22. B’fhusaide imeachtaí an Choiste dá gcuirtí leagan Béarla ar fáil feasta de Chuntas Leithreasa Roinn na Gaeltachta. (Sínithe) SÉAMAS DÍOLÚN, Cathaoirleach. 2 Iúl, 1959. |
||||||||||||