Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::13 November, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 13 Samhain, 1958.

Thursday, 13th November, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Mícheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Mac Seoin agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, an Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach, na Coimisinéirí Ioncaim), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.