Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::02 July, 1959::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

26 Feabhra, 1958:—Ordaíodh, Go ndéanfar an Coiste um Chuntais Phoiblí, atá le ceapadh de bhun Buan-Ordú Uimh. 123 i dtosach na bliana airgeadais 1958-1959, a cheapadh anois, d’ainneoin an Bhuan-Orduithe sin, agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste i gcomhair na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1957, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


6 Márta, 1958:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí, na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Díolún, Seán Ó Flannagáin, Ó hEochaidh, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon,


17 Iúil, 1958:—Ordaíodh, Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, i gcomhar na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1958, a chur chun an Choiste um Chuntais Phoiblí a ceapadh de bhun Ordú na Dála an 26 Feabhra, 1958, chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].