Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::25 November, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 25 Samhain, 1959.

Wednesday, 25th November, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 12 meán lae.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Ó Deasmhumhnaigh, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Maoldhomhnaigh agus Sheldon.


3. BreithniÚ na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Gealtlann Dhúndroma, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, Oifig na nAnnálacha Poiblí, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), an Dr. Ó Cadhain (Gobharnóir, Gealtlann Dhúndroma), T. Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), A. Mac Brádaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), C. Ó Broin, P. Mac Guill agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 3 Nollaig, 1959.