Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::18 November, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 18 Samhain, 1959.

Wednesday, 18th November, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cosgair, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Seoin, Ó Maoldhomhnaigh agus Ó Tuathail.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Seán de Brún):


“That Deputy Cosgrave be the Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Cosgair i gCeannas dá réir sin.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. BreithniÚ na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Luach Saothair, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), E. P. Haslam (Cathaoirleach, na Coimisinéirí Ioncaim), P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 12 meán lae Dé Céadaoin seo chugainn.