Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::03 December, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 3 Nollaig, 1959.

Thursday, 3rd December, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:— Roinn na Gaeltachta. Tosaíodh ar bhreithniú an Chuntais seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblí.


5. An Cruinniú ar Fionraí.


Ordaiodh: An Cruinniú a chur ar fionraí anois go dtí 11.55 a.m. [An Teachta Ó Tuathail].


Cuireadh an Cruinniú ar fionraí dá réir sin ar 11.40 a.m.


Ar 11.55 a.m. athchromadh ar an gCruinniú.


6. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Tadhg Ó Loingsigh):


“That Deputy Sheldon be elected Chairman for the remainder of the meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Sheldon i gCeannas dá réir sin.


7. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


8. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Braonáin (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), H. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), Máire Bhreathnach, Máire Ní Chadhla, agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.5 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.