Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments [7]::19 February, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 19 Feabhra, 1959.

Thursday, 19th February, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Coigligh agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach do réir Ordú an 11 Nollaig, 1958, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Telefóin (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 179 de 1958].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


Araíonacht. R.Ó.É. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 23.


Páigh agus Liúntais (Buan-Óglaigh). R.Ó.É. R.3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 166.


Páigh agus Liúntais (Buan-Óglaigh). R.Ó.É. R.3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 170.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn Sláinte meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime seo a leanas:—


Rialacháin Scrúduithe Chógaisíochta 1958.


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann, meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú Cruithneachta, 1958 [I.R. Uimh. 162 de 1958].


(iv) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 148 de 1958].


(v) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (iv) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 52 de 1958].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 51 de 1958].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána (Uimh. 2), 1958 [I.R. Uimh. 156 de 1958].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an tríocha a trí ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um an Aire Oideachais (Gníomhaireacht), 1958.


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhairiú a Rialú), 1947 (Éanlaithe Clóis agus Coiníní a Onnmhairiú), 1950 (Leasú Sealadach), 1958 [I.R. Uimh. 217 de 1958].


Na Rialacháin um Obair Oíche (Bácúis) (Obair Neamhchoitianta ar feadh Tréimhsí Teoranta), 1958.


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntas agus Costais Chothabhála d’Oifigigh), 1956 (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 221 de 1958].


An tOrdú um Iasc Sliogáin (Onnmhairiú a Rialú), 1958 [I.R. Uimh. 223 de 1958].


An tOrdú um Acht Tithe an Lucht Oibre (Foirmeacha), 1958 [I.R. Uimh. 230 de 1958].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta) (Tíortha lena mBaineann), 1958 [I.R. Uimh. 224 de 1958].


Ordú na mBannaí Talún, 1958 [I.R. Uimh. 276 de 1958].


Na Rialacháin fán Acht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 (Eisceacht ó alt 10 (3)), 1958 [I.R. Uimh. 244 de 1958].


Scéim Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 247 de 1958].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú) (Uimh. 2). 1958 [I.R. Uimh. 248 de 1958].


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)), 1958 [I.R. Uimh. 249 de 1958].


An tOrdú d’Fhorchur Dleacht (Uigí Fite), 1958 [I.R. Uimh. 151 de 1958].


An tOrdú d’Fhorchur Dleacht (Sorcóirí Tuinsimh Gáis), 1958 [I.R. Uimh. 252 de 1958].


An tOrdú um an Ordú chun Dleachta d’Fhorchur (Fionraí Ilghnéitheach), 1957 (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 136 de 1958].


An tOrdú d’Fhorchur Dleacht (Abhras Snáithrigh de Dhéantús an Duine (Uimh. 2)), 1958 [I.R. Uimh. 262 de 1958].


An tOrdú um Shiopaí Éadaí agus Coisbhirt (Uaireanta Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Ceantar Uirbeach Bhéal Átha na Sluaigheadh), 1958.


An tOrdú um an Aerfort Neamhchustam (Teorainneacha a Athrú), 1958 [I.R. Uimh. 258 de 1958].


Na Rialacháin um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1958. (Dréacht.) [I.R. Uimh. 275 de 1958].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 1), 1958.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 2), 1958.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 3), 1958.


An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 8), 1957 (Cúlghairm), 1958.


An tOrdú fán Ordú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 12), 1956 (Cúlghairm), 1958.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn nó an údarás eile lena mbaineann, meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1958 [I.R. Uimh. 233 de 1958].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhaigh a Chruinniú), 1958 [I.R. Uimh. 225 de 1958].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhach) (Céatadán), 1958 [I.R. Uimh. 228 de 1958].


An tOrdú um Údaráis Chúnaimh Phoiblí Bhaile Átha Cliath (Feidhmeanna Sláinte), 1958 [I.R. Uimh. 268 de 1958].


An tOrdú um Bord Cúnaimh Phoiblí Chorcaighe Theas (Feidhmeanna Sláinte), 1958 [I.R. Uimh. 269 de 1958].


An tOrdú um Bord Cúnaimh Phoiblí Phortláirge (Feidhmeanna Sláinte), 1958 [I.R. Uimh. 270 de 1958].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Ginearálta Forais agus Sainliachta (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 266 de 1958].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Máithreachais agus Sláinte Leanaí (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 265 de 1958].


Na Rialacháin Chóireála Meabhair-Ghalar (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 267 de 1958].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.