Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments [7]::11 December, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 11 Nollaig, 1958.

Thursday, 11th December, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.15 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Fearáin, Ó Líonacháin, Ó Murchadha, Ó Coigligh agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir Ordú an 31 Iúil, 1958, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:


An tOrdú d’Fhorchur Dleacht (Fionraí Ilghnéitheach), 1957 [I.R. Uimh. 268 de 1957].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann, meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 52 de 1958].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1958 [I.R. Uimh. 51 de 1958].


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 148 de 1958].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Taréis an tríocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstrainú seo a leanas:—


An tOrdú Sláinte (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire d’Aistriú), 1958 [I.R. Uimh. 202 de 1958].


An tOrdú um an Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire d’Aistriú), 1958 [I.R. Uimh. 186 de 1958].


An tOrdú Cuanta (Cumhachta Aire d’Aistriú), 1958 [I.R. Uimh. 157 de 1958].


An tOrdú um an Acht Loingis Thráchtála, 1955 (Stáit Chomharaíochta) (Aontas na hAfraice Theas, An Nua-Shéalainn agus An Phacastáin), 1958 [I.R. Uimh. 184 de 1958].


Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1958 [I.R. Uimh. 199 de 1958].


Na Rialacháin um na Rialacháin faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 109), 1939 (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 203 de 1958].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tástáil 14 lá), 1958 [I.R. Uimh. 161 de 1958].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht) (Uimh. 1), 1958 [I.R. Uimh. 170 de 1958].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1958 (An Lá Ceaptha), 1958 [I.R. Uimh. 169 de 1958].


Na Rialacháin um Chruithneacht Inmheilte, 1958 [I.R. Uimh. 210 de 1958].


An tOrdú um Thobhach Cruithneachta, 1958 [I.R. Uimh. 171 de 1958].


Rialacháin an Gharda Shíochána (Ceapacháin), 1958 [I.R. Uimh. 176 de 1958].


Rialacháin an Gharda Shíochána (Scor) (Uimh. 2), 1958 [I.R. Uimh. 177 de 1958].


Na Rialacháin um na Post Office Savings Bank Regulations, 1921 (Leasú), 1958 (Dréacht) [I.R. Uimh. 91 de 1958].


An tOrdú d’Fhorchur Dleacht (Abhras de Shnáithreach Saorga), 1958 [I.R. Uimh. 66 de 1958].


Na Rialacháin um an Acht Monarchan, 1955 (Taismhéadair), 1958 [I.R. Uimh. 160 de 1958].


An tOrdú fán Acht um Olathruailliú na Farraige, 1956 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 1958 [I.R. Uimh. 165 de 1958].


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (Margaí agus Aontaí), 1958 [I.R. Uimh. 173 de 1958].


An tOrdú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (An Sceideal a Leasú), 1958 (Dréacht) [I.R. Uimh. 74 de 1958].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 198 de 1958].


An tOrdú um Otharlann Chontae Luimnigh (Díchur), 1958 [I.R. Uimh. 204 de 1958].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastal Oifigeach), 1952 (Leasú) (Uimh. 2), 1958.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn nó an údarás eile lena mbaineann, meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána (Uimh. 2), 1958 [I.R. Uimh. 156 de 1958].


An tOrdú Cruithneachta, 1958 [I.R. Uimh. 162 de 1958].


Na Rialacháin Telefóin (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 179 de 1958].


Rialacháin Scrúduithe Chógaisíochta, 1958.


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 193 de 1958].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


Araíonacht. R.Ó.É. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 23.


Páigh agus Liúntais (Buan-Oglaigh). R.Ó.É. R.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 166.


Páigh agus Liúntais (Buan-Oglaigh). R.Ó.É. R.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 170.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.10 p.m.