Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments [7]::05 June, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé hAoine, 5 Meitheamh, 1959.

Friday, 5th June, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, O Fearáin, Murchadha, Ó Coigligh agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach do réir Orduithe an 19 Feabhra, 1959, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Rialacháin Scrúdaithe Chógaisíochta 1958.


An tOrdú Cruithneachta, 1958 [I.R. Uimh. 162 de 1958].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1958 [I.R. Uimh. 233 de 1958].


An tOrdú um Údaráis Chúnaimh Phoiblí Bhaile Átha Cliath (Feidhmeanna Sláinte), 1958 [I.R. Uimh. 268 de 1958].


An tOrdú um Bord Cúnaimh Phoiblí Chorcaighe Theas (Feidhmeanna Sláinte), 1958 [I.R. Uimh. 269 de 1958].


An tOrdú um Bord Cúnaimh Phoiblí Phortláirge (Feidhmeanna Sláinte), 1958 [I.R. Uimh. 270 de 1958].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Ginearálta Forais agus Sainliachta (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 266 de 1958].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Máithreachais agus Sláinte Leanaí (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 265 de 1958].


Na Rialacháin Chóireála Meabhair-Ghalar (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 267 de 1958].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhorais (iii) agus (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe (Leasú), 1958 [I.R. Uimh. 193 de 1958].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhaigh a Chruinniú), 1958 [I.R. Uimh. 225 de 1958].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhach) (Céatadán), 1958 [I.R. Uimh. 228 de 1958].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.55 p.m.