Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::12 March, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 12 Márta, 1959.

Thursday, 12th March, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin agus Ó hEochaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Gnóthaí Eachtracha agus Comhar Eadarnáisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), C. Ó Creimín (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), P. Mac Guill, S. Ó Maonaigh agus S. Ó Buachalla (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.05 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 9 Aibreán, 1959.