Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::05 March, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 5 Márta, 1959.

Thursday, 5th March, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún agus Ó hEochaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Scéimeanna Fostaí-Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann agus Suirbhéireacht an Ordanáis.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), S. Mac Craith (Coimisinéir Luachála), P. Mac Guill agus S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.45 a.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.