|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Déardaoin, 9 Aibreán, 1959.Thursday, 9th April, 1959.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Mac Cuinneagáin, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Muirí, Seirbhísí Eitlíochta agus Meitéarlaíochta, An Oifig Chláraitheachta Maoine Tionscail agus Tráchtála agus Cuartaíocht. 4. Finnéithe a Ceistíodh Ceistíodh S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), C. Ó Broin, P. Mac Guill, S. Mac an Airchinnigh agus L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. |
||||||||||||