Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::23 April, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 23 Aibreán, 1959.

Thursday, 23rd April, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cuinneagáin, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Athscrúdaíodh an Cuntas seo a leanas:— Talmhaíocht. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Árachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach, Roinn na Gaeltachta agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh M. de Barra (Leas-Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), P. Ó Céadaigh (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), S. Ó Braonáin (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), E. Suttle (Rúnaí agus Stiúrthóir na h Iniúchóireachta), C. Ó Broin, P. Mac Guill agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m.