Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::26 February, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 26 Feabhra, 1959.

Thursday, 26th February, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála agus Oifig an tSoláthair.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), R. Ó hÉigeartuigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála), T. Ó Maoileoin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), Máire Bhreathnach, C. Ó Broin, S. Mac an Airchinnigh agus S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.