Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::03 August, 1961::Report

TUARASCÁIL

CUID I.

1. Ó eisíodh an Dara Tuarascáil* scrúdaigh an Rogha-Choiste an dá chéad agus daichead (240) ionstraim reachtúil atá ar liosta sna hImeachtaí. Fuair an Coiste amach i gcomhfhreagras le Roinn amháin, maidir le ceann áirithe de na hionstraimí seo a leagadh faoi bhráid Sheanad Éireann mar thíolacadh reachtúil, nach raibh an ionstraim sin faoi réir cheanglas dlí ó thaobh tíolacadh, agus dá bhrí sin nár tháinig sí faoi théarmaí Ordú Tagartha an Choiste. Tá cóipeanna den chomhfhreagras sin i gcló i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


2. Chinn an Rogha-Choiste, maidir leis na hionstraimí a scrúdaíodh, gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na cúig ionstraim déag (15) a bhfuil sonraí orthu i gCuid II den Tuarascáil seo.


3. I dteannta aird a dhíriú ar ionstraimí sonraithe is é mian an Rogha-Choiste tuairimí ginearálta áirithe a lua maidir le nithe a thug sé faoi deara le linn a dhíospóireachta. Tá na tuairimí sin i gCuid III den Tuarascáil seo.


4. De réir a Ordaithe Tagartha, thug an Rogha-Choiste, sular thug sé a thuarascáil, deis do gach Roinn Rialtais nó comhlacht eile lena mbaineann, cibé mínithe a thabhairt ba chuí le húdarás déanta na hionstraime. Tá cóipeanna i bhFoscríbhinní II go XII den Tuarascáil seo de na meabhráin a cuireadh ar fáil mar mhíniú sna cásanna sin.


CUID II.

5. Níor ghá leis an Rogha-Choiste aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar ionstraim ar bith ar fhoras (i) ná ar fhoras (ii) den Ordú Tagartha.


6. Ar fhoras (iii), is é sin, “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnách nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aige de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na ceithre ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin Teileafóin, 1959 [I.R. Uimh. 118 de 1959].


An tAire Poist agus Telegrafa a rinne na rialacháin sin faoin údarás atá in alt 2 den Telegraph Act, 1885, agus neartaíonn siad, le leasuithe, rialacháin teileafóin a rinneadh roimhe sin. Tá ceann de na leasuithe sin i gclásal 13 agus is mar a leanas a léann sé:—


“Féadfaidh an tAire glao a chur ar fáil faoi chonradh ag sprioc-am ar ráta éilimh a dheifreoidh le héileamh a shocrófar leis na Rialacháin seo nó fúthu, nó sraith de na glaonna sin.”


Le halt 2 den Telegraph Act, 1885, tugtar cumhacht don Aire rialacháin a dhéanamh chun na suimeanna a shocrú a bheidh le híoc ó am go ham mar gheall ar úsáid teileagraf ar bith ag daoine ar bith. Tuigeadh don Choiste ón bhforáil reachtúil seo nárbh fholáir na rátaí a bheadh le gearradh iarbhír a shonrú sna rialacháin agus chaith sé amhras dá bhrí sin ar cheart an Aire chun socrú a dhéanamh le haghaidh glaonna sprioc-ama faoi chonradh ar rátaí nach sonraítear.


De réir an mhínithe (léigh Foscríbhinn II) a thug an Roinn Poist agus Telegrafa, ní faoin Telegraph Act, 1885, atá cumhacht ag an Aire chun glaonna sprioc-ama a chur ar fáil ach faoina ghnáth-chumhachtaí faoin dlí coiteann. Deir lucht na Roinne gurbh inmhianaithe leo an fhoráil a chur sna rialacháin ionas dá mbeadh ceist i dtaobh na dtáillí gurbh fhéidir an t-údarás dlíthiúil atá leo a leagan amach i ndoiciméad cuimsitheach gan iallach a bheith orthu idirdhealú a dhéanamh, i gcomhfhreagras a chuirfeadh mearbhall, b’fhéidir, ar an bpobal, idir cearta an Aire faoin dlí coiteann agus a chearta reachtúla.


Ní dóigh leis an gCoiste gur cúis leordhóthaineach an fhusacht riaracháin chun foráil a chur isteach in ionstraim reachtúil a n-admhaítear nach bhfuil údarás léi sa reacht faoina ndearnadh an ionstraim.


Na Rialacháin um Dhugaí (Sábháilteacht, Sláinte agus Leas), 1960 [I.R. Uimh. 279 de 1960].


Foráiltear le hairteagal 2(2) de na rialacháin thuasluaite go “bhféadfaidh an tAire aon ní a fhorordú dá dtagraítear sna Rialacháin seo mar ní atá forordaithe nó le forordú”. In airteagal 2(1) tugtar “forordú ag an Aire” mar mhíniú ar an mbriathar “forordú”.


Chonacthas don Choiste go raibh cumhacht á gabháil faoi na rialacháin chun nithe áirithe a fhorordú ar bhealach seachas le hionstraim reachtúil. Bhí amhras ar an gCoiste nárbh fhéidir an nós imeachta sin a chosaint toisc go bhfuil mar mhíniú sa reacht bunaidh, is é sin, an tAcht Monarchan, 1955, ar an mbriathar “forordú” go gciallaíonn sé “forordú le rialacháin ón Aire faoin Acht seo.”


De réir lucht na Roinne Tionscail agus Tráchtála (léigh Foscríbhinn III), níl le forordú faoi na rialacháin, taobh amuigh de mhalairt próise a fhorordú chun slabhraí a ainéalú, rud nach bhfuil rún ag an Aire a fhorordú faoi láthair, ach foirmeacha na ndeimhnithe agus na gclár. Admhaíonn an Roinn gurb é a rún na foirmeacha sin a fhorordú mar chúrsa riaracháin ach deir siad gur dóigh leis na Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne, gur cóir na foirmeacha a fhorordú le hionstraim reachtúil. Má chinntear amach anseo ar mhalairt próise a fhorordú in ionad ainéalú, is áirithe leis an Rogha-Choiste gur le hionstraim reachtúil a dhéanfar sin freisin.


Is é tuairim an Choiste go bhfuil in Airteagal 2(2) de na rialacháin cumhacht tarmligin nár beartaíodh leis an reacht bunaidh agus is mian leis dá réir sin aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim.


Scéim Aoisliúntais Chóras Iompair Éireann (Comhaltaí), 1960.


Baineann an ionstraim sin le haoisliúntas chomhaltaí de Bhord Chóras Iompair Éireann agus tá an fhoráil seo a leanas inti:—


“Má tharlaíonn díospóid ar bith maidir le héileamh duine ar bith ar aon phinsean nó aisce nó maidir le méid aon phinsin nó aisce is iníoctha de bhun na scéime seo, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Aire a chuirfidh faoi bhreithiúnas an Aire Airgeadais é agus beidh a bhreith siúd críochnaitheach faoin ábhar.”


Dhealródh sé go gcuireann an fhoráil seo cosc ar dhuine éagóirithe ó dhul i muínín na gCúirteanna agus fiafraíodh den Roinn Iompair agus Cumhachta ar cheart foráil den sórt seo a thionscnamh i bhforeachtaíocht i gcás nach bhfuil aon údarás sonraithe tarmligin sa reacht bunaidh.


Deir an Roinn ina freagra (léigh Foscríbhinn IV) go ndealraíonn sé don Aire, ón bhfaisnéis a tugadh dó, nach foráil 1 sin nach dtagann faoi réim na gcumhachtaí a thugtar dó le hAlt 2 den Acht Iompair, 1959.


Ní hé is feidhm leis an gCoiste dlíthiúlacht na hionstraime a cheistiú agus níor phointe dlíthiúil an pointe a bhí á phlé aige leis an Roinn. Is í an cheist is cúram leis an gCoiste, an ceart go mbeadh údarás reachtúil an reachtais ag gabháil go sonrach le cumhacht Aire chun feidhm leas-dlíthiúil a chomhlíonadh. Maidir leis sin de, tugann an Coiste dá aire, cé go bhfuil cumhacht den chineál céanna ag an Aire Airgeadais chun díospóidí i dtaobh aoisliúntas fhoireann Ghaeltarra Éireann a chinneadh go críochnaitheach, go bhfuil an t-údarás is gá sa chás sin in Acht ón Oireachtas. Is é tuairim an Choiste go raibh sé ceart ceadú an reachtais a fháil don fhoráil sin sa chás deiridh sin. Chinn sé dá réir sin, gur ceart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar Scéim Aoisliúntais Chóras Iompair Éireann (Comhaltaí), 1960, toisc go bhfuil foráil sa Scéim ar chóir di bheith sa reacht bunaidh.


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht), 1960 [I.R. Uimh. 64 de 1960].


Bord na gCon a rinne na rialacháin sin faoi Acht Tionscail na gCon, 1958, agus baineann siad leis na rialacha faoina seoltar rásaíocht cúnna. Seo a leanas Airteagal 34(2) den ionstraim:—


“Beidh gach ní a bhfuil socrú déanta ina chomhair sna rialacháin seo faoi réir toiliú an Bhoird agus aon treoracha a eiseoidh an Bord i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin Acht.”


Tá cóip i bhFoscríbhinn V de chomhfhreagras idir an Coiste agus Bord na gCon maidir leis an bhforáil sin.


Deir Bord na gCon nach dóigh leo go mbeidh aon neamhréir idir na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 34(2) agus na rialacháin féin. Mar shamplaí den chumhacht atá acu chun treoracha a eisiúint déanann an Bord tagairt d’fhorálacha Alt 23(2) agus Alt 49(1) den reacht bunaidh. Mar mhíniú ar an tagairt do na forálacha a bheith “faoi réir toiliú an Bhoird” deir an Bord gurb é is bun leis sin gur mian leo go mbeidh urlámh ag an mBord ar Choiste Rialaithe arna bhunú faoi na rialacháin.


Le hAlt 23(2) den Acht bunaidh tugtar cumhacht do Bhord na gCon aon choinníoll a bheidh ag gabháil le ceadúnas a chúlghairm nó a athrú nó aon choinníoll nua a chur ag gabháil leis an gceadúnas “trí fhógra a sheirbheálfar ar an gceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon”. Le hAlt 49(1) cuirtear ar chumas an Bhoird “le rialacháin nó fógra an scar-airgead agus na duaiseanna a thairgfear le haghaidh rásaí ar rás-rianta con a shocrú.” Ní thugann na forálacha sin aon údarás chun “treoracha” a eisiúint, ach taobh amuigh de sin féin, measann an Coiste go bhfuil úsáid neamhghnách á dhéanamh dá chumhachtaí ag an mBord agus a thabhairt le tuiscint gur féidir leis forálacha a chuid rialachán féin a shárú trí chumhachtaí éigin a fheidhmiú a thugtar dó leis an reacht bunaidh.


Chomh maith leis sin, measann an Coiste nach cóir go mbeadh forálacha uile na rialachán “faoi réir toiliú an Bhoird” chun go mbeadh sé ar chumas an Bhoird urlámh a choimeád ar an gCoiste Rialaithe agus chuige sin amháin. Tá cumhachtaí an Choiste sin curtha síos sna rialacháin agus más gá aon teorannú a dhéanamh ar na cumhachtaí sin is ceart go mbeadh sonrú air san ionstraim. Ní dearnadh sin ach a mhalairt—is intuigthe as Airteagal 31(6), is é sin, go mbeidh “breitheanna an Choiste críochnaitheach” go ngníomhóidh an Coiste ar neamhchead don Bhord.


7. Ar fhoras (iv), is é sin, “go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas:—


Scéim Aoisliúntas Fhoireann Ghaeltarra Éireann.


D’ullmhaigh Gaeltarra Éireann an scéim aoisliúntais sin an 24 Meitheamh, 1959, cheadaigh an tAire Tailte í an 1 Iúil, 1959, agus d’aontaigh an tAire Airgeadais léi an 24 Iúil, 1959. Foráladh sa scéim gur tháinig sí in éifeacht an 1 Aibreán, 1959. Níl aon údarás, áfach, sa reacht bunaidh, is é sin, an tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, chun éifeacht chúlghabhálach a thabhairt don scéim.


Is léir ón míniú a tugadh don Choiste (léigh Foscríbhinn VI) gur mhian le Bord Ghaeltarra Éireann, a bunaíodh an 1 Aibreán, 1958, a chinntiú go dtabharfaí an sochar ba mhó ab fhéidir óna gcuid seirbhíse don fhoireann a bhí ar fostú aige i 1958/59. Tuigeann an Coiste don Bhord sa chúram atá siad a dhéanamh den ní seo, ach ní deimhin leis nárbh fhéidir an scéim a ullmhú agus a cheadú roimh 1 Aibreán, 1959.


8. Ar fhoras (v), is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena fhoilsiú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na cúig ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisialta), 1960 [I.R. Uimh. 178 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht), 1960 [I.R. Uimh. 179 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú), 1960 [I.R. Uimh. 180 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Luimneach), 1960 [I.R. Uimh. 181 de 1960].


Rinneadh na hOrduithe: 18 Lúnasa, 1960; Leagadh os comhair Sheanad Éireann: 30 Lúnasa, 1960.


Tá míniú na Roinne i bhFoscríbhinn VII.


Ordú na mBannaí Talún, 1961 [I.R. Uimh. 10 de 1961].


Rinneadh an tOrdú: 5 Eanáir, 1961; Leagadh os comhair Sheanad Éireann: 20 Eanáir, 1961.


Tá míniú na Roinne i bhFoscríbhinn VIII.


Tá ceanglas reachtúil in alt 3 (1) den Acht Ionstraimí Reachtúla 1947, go gcaitear cóipeanna de na hionstraimí lena mbaineann an tAcht go príomha a chur go dtí comhlachtaí sonraithe áirithe (nach n-áirítear orthu Tithe an Oireachtais) laistigh de sheacht lá tar éis iad a dhéanamh. Is dóigh leis an Rogha-Choiste gur ceart do Ranna Rialtais ionstraimí a cheanglaítear orthu a thíolacadh do Sheanad Éireann a leagan chomh tráthúil céanna.


9. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na cúig ionstraim seo a leanas:


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Ceadúnas a Thabhairt ar Aird), 1959.


Is é Coimisiún Iascaigh an Fheabhail a dhéanann rialacháin a bhaineann le hIascaigh an Fheabhail ar nós na rialachán thuasluaite, ach ní mór iad a cheadú ag Aire Tráchtála Thuaisceart Éireann agus ag an Aire Tailte. Toisc gur ar dhátaí éagsúla a shínigh na trí údarás sin na rialacháin atá faoi thagairt d’iarr an Rogha-Choiste eolas ar an Roinn Tailte i dtaobh an dáta a mbeadh éifeacht ag na forálacha.


Mhol Rogha-Choiste roimhe seo, tráth nach raibh dlíodóirí ar aon tuairim i dtaobh dháta thosach feidhme ionstraimí ar ghá do níos mó ná údarás amháin iad a shíniú, gur ar an dáta céanna a shíneodh na húdaráis eagsúla iad.* Déantar anois de réir an nós imeachta sin in aon chás inar féidir é, ach, ar ndóigh, ní féidir é i gcás údarás ó Thuaisceart Éireann.


De réir na Roinne Tailte (léigh Foscríbhinn IX) tháinig na rialacháin thuasluaite in éifeacht ar an dáta ar cheadaigh Aireacht Thuaisceart Éireann iad; ba é ceadú na hAireachta an ceann ba dheireanaí ó thaobh ama. Deir an Roinn fairis sin go luafar an dáta thosach feidhme feasta i rialacháin ar bith a dhéanfaidh Coimisiún Iascaigh an Fheabhail.


Ó nach léir ón ionstraim féin cén dáta a tháinig sí in éifeacht is mian leis an gCoiste aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú uirthi.


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 10), 1960 [I.R. Uimh. 48 de 1960].


Sa dara sceideal a ghabhann leis an ionstraim seo, a rinne an tAire Airgeadais, foráiltear go méadófar an táille ar dheimhniú postála ó ½d. go dtí 1d. Tá sé ráite sa sceideal go mbeidh “an tseirbhís seo faoi réir pé rialacha a fhorordófar.”


D’fhiafraigh an Rogha-Choiste den Roinn Airgeadais an raibh na rialacha dar tagraíodh ansin in ionstraimí reachtúla eile, agus, más rud é go raibh, cén fáth nach bhfuil teidil na n-ionstraimí sin luaite go sonrach sa bharántas.


Deir an Roinn ina freagra (léigh Fo-Scríbhinn X) nár tharla aon ghá le rialacha a fhorordú maidir leis an mionseirbhís seo. Tháinig na focail láithreacha anuas ón mbarántas a rinneadh i 1939 agus a bunaíodh ar fhoráil a bhí i mbarántas roimhe sin a glacadh ó Riarachán na Breataine. Tá sé beartaithe na focail atá i gceist a scriosadh as ionstraim chomhdhlúite atá á hullmhú.


Toisc go mbeadh sé le tuiscint as na focail sa dara sceideal a thugtar thuas go bhfuil rialacha ann nach ndearnadh ar chor ar bith dáiríre, chinn an Coiste ar aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim.


An tOrdú Ginearálta um Luach Saothair Aturnaetha, 1960 [I.R. Uimh. 165 de 1960].


Tá an chumhacht chun orduithe a dhéanamh a bhaineann le luach saothair aturnaetha maidir le tíolacadh agus le gnó neamhchonspóideach eile dílsithe sa Phríomh-Bhreitheamh, in Uachtarán na hArd-Chúirte, i nGnáth-Bhreitheamh Sinsearach na Cúirte Uachtaraí agus in Uachtarán Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann.


Tá sé ráite gurb é “an comhlacht atá údaraithe chuige sin leis an Solicitors’ Remuneration Act, 1881, arna oiriúnú leis an Ordú chun an Solicitors’ Remuneration Act, 1881, d’Oiriúnú, 1946 (R. & O.R. 1946, Uimh. 208), a rinneadh de bhun an Achta um Oiriúnú Achtanna, 1922”, a rinne an t-ordú thuasluaite “de bhun agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dúinn leis an reacht sin arna oiriúnú amhlaidh agus gach cumhachta eile lena gcuirtear seo ar ár gcumas”. Measann an Coiste gur cheart alt nó ailt an reachta bhunaidh a lua go beacht i ngach ionstraim reachtúil agus nár cheart abairtí ar nós “gach cumhacht eile lena gcuirtear seo ar ár gcumas” a úsáid, mar go mbaineann siad an bhrí as an réamhaithris.


Faoi alt 3 den Solicitors’ Remuneration Act, 1881, arna oiriúnú, ceanglaítear ar an bPríomh-Bhreitheamh a chur faoi deara cóip de na rialacháin agus de na forálacha a bheartaítear a dhéanamh a chur go dtí Comhairle Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann mí ar a laghad sula ndéantar an t-ordú. Níl aon ní san ordú atá faoi thagairt le cur in iúl gur comhlíonadh an ceanglas reachtúil sin cé go bhféadfadh bailíocht na hionstraime a bheith ag brath air.


Is mian leis an gCoiste, mar gheall ar na cúiseanna réamhráite, aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim. Tugann sé dá aire (léigh Foscríbhinn XI), go ndéanfar a thuairimí maidir le dréachtú na hionstraime a chur in iúl i dtráth cuí do lucht a sínithe.


An tOrdú um Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1959 [I.R. Uimh. 18 de 1959].


An tOrdú um an Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1956 (Cúlghairm), 1959 [I.R. Uimh. 19 de 1959].


Tá sé ráite faoi na horduithe sin, a rinne an Bord Pá Talmhaíochta gur “i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 17 den Acht um Pá Thalmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) agus i bhfeidhmiú gach cumhachta agus aon chumhachta eile lena gcuirtear seo ar a gcumas” a rinne an Bord iad. Ní dóigh leis na gCoiste go n-agraítear cumhachtaí reachtúla ar bith sna horduithe sin ach iad sin a thugtar don Bhord le halt 17 den Acht um Pá Thalmhaíochta, 1936, agus dá réir sin, gur abairt mhíthreorach an abairt, “agus i bhfeidhmiú gach cumhachta agus aon chumhachta eile lena gcuirtear seo ar a gcumas”.


Chuir an Bord Pá Talmhaíochta in iúl don Choiste (léigh Foscríbhinn XII) gur de réir dréachta atá in úsáid ó 1951 i leith a leagadh amach na horduithe thuasluaite.


CUID III.

Ginearálta

10. Ó ceapadh an Rogha-Choiste i mí Iúil, 1957, tá 501 ionstraim reachtúil scrúdaithe aige, agus dhírigh sé aird speisialta Sheanad Éireann ar 42 cheann díobh agus ar dhá cheann díobh sin faoi dhá mhírcheann éagsúla den Ordú Tagartha. Taispeántar thíos na mírchinn faoinar díríodh aird speisialta ar na hionstraimí:—


Mírcheann an Ordaithe Tagartha

An méid

Muirear a fhorchur

....

....

....

....

....

1

Úsáid nach gnách nó nach raibh coinne léi á

 

dhéanamh dá cumhacht

....

....

....

....

6

Éifeacht chúlghabhálach

....

....

....

....

5

Moill ag baint lena leagan os comhair Sheanad

 

Éireann

....

....

....

....

....

....

10

Gá le soiléiriú

....

....

....

....

....

22

An tIomlán

....

....

44

Is beag nach ionann an méid ionstraimí ar ar dhírigh an Coiste aird speisialta agus an méid ar ar tharraing an Coiste a bhí ann roimhe seo aird an tSeanaid, ach tharla laghdú ó 16 go dtí 8 faoin gcéad sa choibhneas idir na hionstraimí sin agus an t-iomlán a scrúdaíodh. I gcoitinne, tugann an Coiste faoi deara go bhfuil iarracht fhiúntach á dhéanamh ag údaráis déanta ionstraimí cloí leis na caighdeáin a leag Coistí um Ionstraimí Reachtúla síos i gcaitheamh na mblianta agus creideann sé gurb é tromlach obair an Choiste feasta a chinntiú go ndéanfar de réir na gcaighdeán sin.


Fo-tharmligean.

11. Is dóigh leis an Rogha-Choiste nár cheart a mheas, i gcás ina ndéanann an tOireachtas cumhacht a tharmligean chun reacht a dhéanamh le hionstraim reachtúil, go dtugann an tarmligean sin údarás d’Aire cumhacht a ghlacadh chuige féin chun nithe atá ábhartha i gcúrsa riaracháin ar dóigh leis nach n-oireann caint dhocht na reachtanna dóibh, a fhorordú. Ní deimhin leis an gCoiste gur leor d’údarás le haghaidh an fho-tharmligin sin an chumhacht chun forálacha iarmartacha nó teagmhasacha a dhéanamh le hionstraim, ná ní dóigh leis gur féidir an fo-tharmligean sin a chosaint mar gheall ar a áisiúlacht nó a sholúbthacht amháin.


Is sampla na Rialacháin um Dhugaí (Sábháilteacht, Sláinte agus Leas), 1960, rialacháin ar ar tharraing an Coiste aird speisialta i mír 6, d’fho-tharmligean nach bhforáiltear dó, dar leis an gCoiste, sa reacht bunaidh. Tuigeann an Coiste gur ar mhaithe le solúbthacht amháin a bhí an Roinn a rinne an ionstraim agus nach bhfuil na forálacha atá i gceist tábhachtach iontu féin. Mar sin féin tá an Coiste i gcoinne tarmligin ar bith den sórt sin, go háirithe má bhíonn de thoradh air go sáraíonn sé foráil sa reacht bunaidh a cheanglaíonn an ionstraim a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a chuireann faoi réir a cur ar neamhní le tairiscint í. Maidir le hionstraim a airbheartaíonn leathnú a thabhairt ar an nós imeachta chun dlíthe a dhéanamh, measann an Coiste gur chóir go mbeadh údarás sainráite chun an leathnaithe sin sa reacht bunaidh.


Cuntair i Reachtaíocht Tarmligthe.

12. Is ionann dearcadh an Rogha-Choiste ar an bhfo-tharmligean agus a ndearcadh ar aon fhoráil in ionstraim reachtúil a airbheartaíonn ceanglais na hionstraime a chur ar ceal in imthosca áirithe nó na ceanglais sin a chur faoi réir cuntair éigin eile. I mír 6 tharraing an Coiste aird speisialta ar fhoráil sna Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht), 1960, a airbheartaíonn forálacha na hionstraime a chur faoi réir toiliú an Bhoird a rinne í agus faoi réir aon treoracha a eiseoidh an Bord faoin reacht bunaidh. Is é tuairim an Choiste gur chóir go mbeadh údarás sainráite ón reacht bunaidh mar thaca le cuntar den sórt seo, agus measann sé, i gcás inar dócha go mbeidh riachtanas in ionstraimí reachtúla le cumhacht cealaithe, gur chóir forálacha a dhéanamh chuige sin sna tograí le haghaidh reachtaíochta a chuirtear faoi bhráid an Oireachtais.


Comhdhlúthú.

13. Is leasú ar ordú a rinneadh sa bhliain 1884 an tOrdú Ginearálta um Luach Saothair Aturnaetha, 1960, ar ar tharraing an Rogha-Choiste aird speisialta i mír 9. Tá ordú sin 1884 leasaithe cheana le horduithe a rinneadh i 1920, i 1947 agus i 1951, agus atá i bhfeidhm fós. Faoi láthair, mar sin, ní foláir cúig ionstraim a rinneadh in imeacht 76 bhliain a scrúdú chun na forálacha a fháil amach atá i bhfeidhm i láthair na huaire maidir le luach saothair aturnaetha do ghnó neamhchonspóideach. Tá géarghá, i dtuairim an Choiste, leis an tsraith sin a chomhdhlúthú agus tá súil aige go dtabharfar faoin obair sin a luaithe is féidir.


(Sínithe) GEORGE O’BRIEN,


Cathaoirleach.


3 Lúnasa, 1961.


*T. 170—Pr. 5348. Tíolacadh 18 Samhain, 1959.


*T. 154—Pr. 3864; mír 11.