Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::19 February, 1958::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 30 DEIREADH FÓMHAIR, 1957.

Cúnamh Sóisialach.

1. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuarthas údarás reachtúil chun bailíocht a thabhairt do chaiteachas as cistí áitiúla agus do na ranníoca as an Stát-Chiste faoi chomhair an chostais a ghabhas le béilí scoile d’ullmhú. Tugann sé faoi deara freisin go bhfuil dlús curtha le laghdú ar an difríocht sa chostas a tharraingíos sé, in áiteanna seachas a chéile, na béilí sin a sholáthar.


Arm-Phinsin.

2. Tá áthas ar an gCoiste a chlos go bhfuil socruithe nua curtha i bhfeidhm chun fíorú a dhéanamh nuair a héilítear boinn; agus tá súil aige nach mbeidh aon chúis ghearáin feasta gur tugadh liúntais go mírialta.


An Garda Síochána.

3. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil triail á bhaint as córas rialuithe costais i leith cothabhála na seirbhíse iompair a mhol comhlucht comhairleach bainistíochta, agus ba mhaith leis go gcuirfí an toradh in iúl dó i dtráth chuí.


Forleatha Neamhshreangach.

4. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go mb’fhéidir leas eile a bhaint as bunáite na stór a ndúradh go mba fuíoll riachtanais iad. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó toradh na n-iarrachtaí chun an tiomarnóir gearr-thonn agus a chomhstórais a chur de láimh.


Rialtas Aitiúil.

5. Tá áthas ar an gCoiste a thabhairt faoi deara go n-aontaíonn an tAire le tuairim sin an Choiste gur cheart údarás reachtúil d’fháil i leith cion níos mó de mhuirir iasachtaí tithíochta a chúiteamh le húdaráis áitiúla ná mar atá beartaithe sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, agus gur tugadh comhairle dá réir don Aire Rialtais Aitiúil.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

6. Tugtar faoi deara go n-aontaíonn an tAire le tuairim an Choiste nach ceart leas a bhaint as conarthaí ‘ama agus ábhair’ ach in imthosca an-speisialta. Ba chás speisialta Teach na gCanónach agus glacann an Coiste le míniúan Aire nárbh obair í a bhféadfaí an gnáth-nós imeachta a leanúint ina leith. Ach ní deimhin leis an gCoiste gur leor an mhaoirseacht a rinneadh ar an obair ag féachaint don méid dearmad a bhí i gcuntais an chonraitheora agus nár tugadh suntas dóibh nó gur dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aire orthu. Ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí dhó faoin gcineál maoirseachta a déantar ar chonarthaí den tsórt sin agus an modh ar a gcinntítear éilithe a bheith cruinn.


7. Is maith leis an gCoiste a chlos gur cinneadh bunáite na bhfoireann soilsiúcháin nach bhfuil ag teastáil a dhíol agus ba mhaith leis go gcuirfí an toradh in iúl dó.


Tailte.

8. Aontaíonn an Coiste gur córas lár-cheannaigh an modh is fearr chun soláthairtí d’fháil ar an gcostas is lú don Stát-Chiste, ach ba mhaith leis go gcuirfí cóip de na hordacháin atá ann faoi láthair os comhair an Coiste mar eolas.


9. Tugtar faoi deara nach bhfuiltear gan bheith in amhras i dtaobh Coimisiún na Talún a bheith freagarthach i gcónaí i nglanadh dréineanna i gcásanna a bhfuil sé tar éis scaradh le seilbh na talún, agus go mb’fhéidir gur gá gnéithe áirithe den ábhar a shoiléiriú trí reachtaíocht. Ba mhian leis an gCoiste go gcuirfí an cinneadh deiridh maidir leis an ábhar sin in iúl dó.


CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

10. D’fhoráil rialacháin Roinne sa Bhrainse Dleacht Eastáit go ndéanfaí athbhreithniú gach trí mhí ar na cásanna oscailte uile, is é sin, cásanna inar tharla nár híocadh dleachta breise a measúnaíodh nó nár tugadh cuntais maidir le himdháil maoine d’aistrigh ar bhás. Ní dhearnadh aon athbhreithniú ar mhórchuid de na cásanna sin a hosclaíodh idir 1952 agus 1954. Cuireadh in iúl don Choiste go raibh súil le heagrú a dhéanamh ar an mBrainse ionas go bhféadfaí na riaráistí oibre a ghlanadh gan breis foirinne d’fháil. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach i dtráth chuí cén dul ar aghaidh a rinneadh.


Árachas Sóisialach.

11. Díríodh aird an Choiste ar an moill a bhain le cuntais an Chiste Leasa Shóisialaigh a bunaíodh an 5 Eanáir, 1953, a thabhairt le haghaidh iniúchta. Cuireadh in iúl dó gur réitíodh na deacrachtaí a tharla maidir le himréiteach a dhéanamh ar chuntais deiridh na gcistí éagsúla a forceannadh nuair a bunaíodh an Ciste Árachais Shóisialaigh agus go bhfuil na cuntais don tréimhse thosaigh go dtí 31 Márta, 1953, agus don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1954, tar éis bheith tugtha anois. Ar an ábhar nach féidir ranníoc an Phríomh-Chiste in aghaidh aon bhliana áirithe a chinneadh go críochnaitheach nó go mbeidh na cuntais don bhliain sin críochnaithe, is maith leis an gCoiste gur tugadh deimhin dó go gcuirfear na cuntais le haghaidh iniúchta feasta faoi cheann naoi mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí.


12. D’údaraigh alt 21 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950, arna leasú, go bhféadfaí airgead a bhí chun creidiúna an Chiste Leasa Shóisialaigh d’infheistiú chun áitribh d’athfhoirgniú agus trealamh a chur iontu, etc., agus rinne sé foráil go ndéanfaí gnóthachan infheistíochta d’íoc, as airgead vótáilte leis an gCiste, i leith na suimeanna a caitheadh amhlaidh. Dob é Áras Mhic Dhiarmada an phríomhinfheistíocht den tsórt seo agus d’áitigh Córas Iompair Éireann cuid den áitreabh seo mar cheann cúrsa busanna ón 1 Deireadh Fómhair, 1953, ach níor comhaontaíodh ar an gcíos is iníoctha ag an gcuideachta. Tá curtha in iúl don Choiste go bhfuarthas íocaíochtaí ar cuntas cíosa ó Chóras Iompair Éireann i 1954-55 ach gur cuireadh ar ais, ar chomhairle dlíodóra, seic a fuarthas ón gcuideachtain i 1955-56 ar shuim a bhí bunaithe ar an gcíos a mheas an chuideachta féin dob iníoctha. Bheir an Coiste dá aire go bhfuil margántaíocht ar siúl agus tá súil aige go réiteofar an scéal go luath.


Cúnamh Sóisialach.

13. Bhí íoc na ndeontas le húdaráis áitiúla i leith costas soláthair bhreosla do theaghlaigh ghátaracha faoi bhreithniú ag an gCoiste. Cuireadh in iúl dó gur híocadh na deontais sin do réir scéime a thionscain an sean-Roinn Rialtais Aitiúil agus Sláinte Poiblí i 1942, nuair bhí breosla gann, chun soláthairtí breosla a chur ar fáil do theaghlaigh ghátaracha i límistéirínach raibh móin iontu. Tá an scéim á hoibriú i sé cinn déag de chathracha agus de bhailte móra gan aon údarás reachtúil áirithe a bheith leis. Measann an Coiste gur chóir údarás reachtúil a lorg chuige más é beartas an Rialtais go gcoimeádfaí na scéimeanna sin ar siúl feadh tréimhse éiginnte.


Oifig an tSoláthair.

14. Is é a déantar in Oifig an tSoláthair maidir le stoic pháipéir a chothabháil orduithe athlíonaidh d’eisiúint nuair a théas na stoic faoi bhun íosphointe áirithe. Mar gheall ar dhearmad sna taifid cuireadh amach ordú athlíonaidh ar 88 réama ar chostas £283 cé gur leor an méid a bhí ar láimh. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste nach dtarlódh aon chailliúint mar gheall ar an gceannach seo, gur ní ar leithligh an dearmad, agus gur dheacair corr-dhearmad den tsórt seo a sheachaint. Ag féachaint do na cúinsí, do ghlac an Coiste le míniú an Oifigigh Chuntasaíochta.


£117,000 an luach a cuireadh ar an stoc páipéir amhail ar an 31 Márta, 1956, agus mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go ndéantar stocáireamh gach bliain amhail ar an 31 Márta. Cuirtear figiúirí na stoc a bhíos ann i gcomparáid leis na taifid agus scrúdaítear míréireachtaí. Cuirtear dearmaid agus easnaimh ina gceart i dtráth chuí agus mura mbíonn ann ach míréireacht mhion tar éis an scrúduithe áirítear go mbíonn deireadh leis an scéal. Ag féachaint don mhór-chainníocht pháipéir a bhíos ar stór ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl go láidir a thabhachtaí atá sé stocáireamh a dhéanamh go leanúnach nó trátha rialta agus míréireachtaí a gheobhfar de bharr scrúduithe a nochtadh láithreach bonn.


Tionscal agus Tráchtáil.

15. Tá na híocaíochtaí i leith cúnaimh airgid le haghaidh plúir, a tugtar do mhuilleoirí plúir, faoi réir a gcoigeartuithe de bharr an iniúchta a rinne oifigigh na Roinne ar chuntais na muilleoirí. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil iniúchadh na gcuntas uile críochnaithe suas go dtí an bhliain 1951-52 agus an bhliain sin d’áireamh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh socair aige, de bharr gur scoireadh, sa Bhealtaine, 1957, den chúnamh airgid sin d’íoc, na cuntais don chuid eile den tréimhse chúnaimh d’iniúchadh gan ró-mhoill. Ba mhaith leis an gCoiste fios d’fháil i dtráth chuí faoin dul chun cinn a rinneadh.


Talmhaíocht.

16. Sa bhliain 1952-53 tugadh £922,717 ar fad ar airleacan as an Vóta Talmhaíochta do Chomhlucht Siúicre Éireann Teoranta le haghaidh scéime a bhí ag an gComhlucht chun forphospráid d’allmhuiriú agus d’imdháil. Bhí na hairleacain le n-aisíoc trí shochair an díolacháin, lúide costais, a chur, i gceann tréimhsí áirithe, chun na Roinne. Is é an méid a haisíocadh suas go dtí 31 Márta, 1956, £451,135. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil na stocanna uile diúscairte anois agus go bhfuil deireadh leis an scéim. £1,444,000 an caiteachas iomlán a rinne an Comhlucht agus is é an méid a bhí de bharr díolachán, etc., £973,000. Laghdú i bpraghsanna na forphospráide ar fud an domhain an phríomh-chúis a bhí leis an £471,000 de ghlan-chailliúint. Is dóigh leis an gCoiste gur gá údarás d’iarraidh ar an Dáil chun an chailliúint sin a dhíscríobh agus tá súil aige go n-iarrfar sin gan mhoill.


Iascach.

17. Bhreithnigh an Coiste arís ceist riaráistí na mblianachtaí a bunaíodh chun airleacain d’aisíoc a tugadh don Chomhlachas Iascaigh Mhara, tráth dá raibh, sa tréimhse 1931 go 1952 chun báid agus fearas a sholáthar d’iascairí ar théarmaí fruilcheannaigh. Tá na riaráistí sin tar éis méadú ó £3,907 go £92,745 sna deich mbliana dar chríoch 31 Márta, 1956. Tuigeann an Coiste nach bhfuil aon bhaint díreach idir na riaráistí seo atá ag an Stát-Chiste ar an mBord Iascaigh Mhara i leith gnóthaí an Chomhlachais Iascaigh Mhara sin agus dliteanais reatha iascairí i leith conarthaí chun báid a cheannach, agus is maith leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil formhór na dtráthchoda, i gcás conarthaí reatha, íoctha suas chun dáta. Nuair a bhí an Coiste ag plé le cuntais 1952-53 rinneadar tagairt do na riaráistí sin agus is é an méid a bhí iontu an t-am sin £48,200, agus hinsíodh dó go raibh an cheist maidir leis na riaráistí do-ghnóthuithe a dhíscríobh á plé idir an Roinn Airgeadais agus an Bord Iascaigh Mhara. Tá súil ag an gCoiste nach ró-fhada go dtugtar breith ar an gceist sin.


Eolaíocht agus Ealaí.

18. Díríodh aird an Choiste arís ar chás na stocanna de leabhair d’fhoilsigh an Roinn Oideachais i nGaeilge, agus atá fós gan díol, a dhiúscairt. Cuireadh in iúl dó gur díoladh mar dhramh-pháipéar 97,000 cóip de 68 leabhar, agus gur coinníodh 16,000 cóip chun riar ar aon éileamh a bheadh orthu amach anseo. Gheall an tOifigeach Cuntasaíochta go ndéanfadh sé scrúdú ar an gcás maidir leis na leabhair go léir a foilsíodh i nGaeilge, 1,126 teideal ar fad, agus sonraí a chur ar fáil i dtaobh stocanna nach bhfuil mórán éilimh nó éileamh ar bith orthu. Ní thabharfaidh an Coiste breith ar bith go mbí an t-eolas sin ar fáil.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

19. Tá ceardlann deá-fheistithe á cothabháil chun gléasra agus inneallra a húsáidtear sna scéimeanna siltin airtéirigh a choinneáil i ndeis. Uaireanta, tugtar faoi pháirteanna breise a dhéanamh más lú a meastar a chosaineodh sé iad a dhéanamh ná iad a cheannach. Pléadh os comhair an Choiste cé acu ba shaoire nó nár shaoire páirteanna a dhéanamh a d’fhéadfaí a dhéanamh sa cheardlann, agus cén foras ar ar cheart praghsanna a chur i gcomhmheas. Dúrthas nár cheart, chun críocha comhmheasa, an iomarca barr-chostas d’áireamh ar na costais táirgthe toisc gur costais atá ann i gcónaí na barr-chostais, agus go mba tíobhas oiread leasa agus dob fhéidir a bhaint as saoráidí na ceardlainne. Tá fonn ar an gCoiste glacadh leis an dearcadh sin, ach ba mhaith leis tuilleadh eolais d’fháil nuair a bheas an cheist breithnithe go hiomlán.


20. Fuair an Coiste amach go raibh dhá chóras taifid stórais ar leithligh sa phríomh-cheardlann innealltóireachta, ceann ag an mBrainse Innealltóireachta agus ceann ag Brainse an Chuntasóra. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndúradh leis go raibh an dá chóras riachtanach toisc iad a bheith ag fónamh do chríocha éagsúla, ach nár léir dó cén deacracht a ghabh lena gcur le chéile, mar bhí fáil sa taifead b’iomláine díobh ar gach eolas a bhí sa cheann eile. Ba leasc leis, áfach, a mholadh go n-éireofaí as ceachtar cuntas sara n-iniúchfaí an cheist go hiomlán agus d’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta leis an mbeartú sin. Ba mhaith leis an gCoiste cloisint faoi thoradh an iniúchta sin.


An Gaileirí Náisiúnta.

21. Thug an Coiste faoi deara nach mórán a bhí de bharr athphictiúirí a dhíol mar nach bhfuarthas ach £206 sna trí bliana suas go dtí 31 Márta, 1956. Dúradh leis an gCoiste nach raibh saoráidí cearta ann chun na hathphictiúirí a chur ar taispeáint agus ar díol, agus go raibh sin ina chúis le gan mórán fáltais a bheith dá mbarr, ach chítear don Choiste go mba chóir aire a thabhairt don ghné sin den chúrsa sarar ceannaíodh na hathphictiúirí. Dealraíonn sé nach córas leordhóthaineach an córas atá sa Ghaileirí chun cuntas a choimeád ar airgead a gheibhtear ann agus go mba cheart é d’athbhreithniú.


22. Bhreithnigh an Coiste an scéal faoi liostaíde na pictiúirí sa Ghaileirí agus tuigtear dó nach bhfuil liosta iomlán ann.


Níl amhras ar an Oifigeach Cuntasaíochta ná go bhfuil dóthain taifead aige chun a léithéid de liosta a chur le chéile dá mbeadh an fhoireann agus na saoráidíaige chuige. Tá súil ag an gCoiste nach moilleofar a thuilleadh an obair thábhachtach sin agus ba mhaith leis go gcoinneofaí eolas leis ina thaobh.


Seirbhísí na Gaeltachta.

473-491.


23. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh na stoc d’earraí críochnaithe, lena n-áirítear bréidín agus earraí cniotáilte, i stór tionscal na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath a choimeád sábháilte agus cuntas a choimeád orthu. Dúradh leis an gCoiste go dtáinig méadú ar luach na n-earraí críochnaithe a bhí ar coimeád sna hionaid iomaí, ó £14,000 i 1940 go £213,000 i 1956; gur coimeádadh leabhar-thaifid ar na stoic d’earraí cniotáilte go dtí 1956 agus gur héiríodh ansin as a bheith á gcoimeád, agus nár coimeádadh aon chuntas stóir ar an mbréidín. Mar gheall ar gan cuntas ceart stóir a bheith ann i gcás an bhréidín níorbh fhéidir a mheas cá chruinne a bhí na stoic a rinneadh amach a bheith ann le linn stocáirimh. Do réir na fianaise, frítheadh amach, nuair a rinneadh iarracht ar a mheas cé mhéid bréidín ba cheart a bheith ar stór an 31 Márta 1956—tríd na deimhnithe fáltais agus na deimhnithe díolacháin a chomhshuimiú —go raibh 30,000 slat de bharrachas ann. Nuair a ceistíodh an tOifigeach Cuntasíochta dob é a thuairim nárbh fholáir nó bhían stocáireamh míchruinn, mar nár nochtadh ach 8,000 slat de bharrachas nuair a rinneadh stocáireamh ar an bhforas céanna i 1957. Braitheann an Coiste gur beag iontaobh is féidir a bheith as na figiúirí sin. Cé go m’fhéidir, dar leis an gCoiste, gur stocáireamh lochtach ba chúis leis na neamhreiréachtaí, b’fhéidir, chomh maith, cúiseanna eile a bheith leo.


Ní thuigeann an Coiste conas d’fhéadfaí gnó chomh mór seo a sheoladh go héifeachtach gan taifid chearta ar ghluaiseacht na stoc. Dlíonn an Coiste, dar leis, an-mhíshástacht a chur in iúl i dtaobh na modhanna rialuithe, mar nach leor in aon chor iad chun na stóir a chaomhnadh i gceart. Dúradh leis an gCoiste gur cuireadh córas stór-chuntasaíochta ar bun i nDeireadh Fómhair, 1957, agus is mian leis go gcuirfí éifeachtúlacht an chórais sin in iúl dó.


(Sínithe) SÉAMAS DÍOLÚN,


Cathaoirleach.


19 Feabhra, 1958.