Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::19 February, 1958::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

1 Bealtaine, 1957:—D’ordaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1955, agus Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí ar an Tuarascáil sin, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


2 Bealtaine, 1957:—D’ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Booth, S. Ó Braonáin, Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Díolún, Ó Donnagáin S. Ó Flannagáin, Ó hEachaidh, Mac Seoin, Ó Lorcáin, T. Ó Loingsigh agus Sheldon.


18 Meitheamh, 1957:—D’ordaiodh, Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1956, a chur chun an Choiste um Chuntais Phoiblí a ceapadh de bhun Orduithe na Dála 1 Bealtaine, 1957, chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte on Taoisigh].