Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::04 July, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 4 Iúil, 1957.

Thursday, 4th July, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.45 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Ó hEachaidh, Mac Seoin, Ó Lorcáin agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1955-56.


Tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1955-56. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoin Acht na nGiúiríthe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais, Luach Saothair, An Ciste Forbartha Náisiúnta, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann agus Suirbhéireacht an Ordonáis.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach, Na Coimisinéirí Ioncaim), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Na Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomnachtaí Carthanúla) S. Mac Craith (Coimisinéir Luachála), P. S. Mac Guill agus S. Ó Buachalla (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.