Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::17 July, 1958::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 2 BEALTAINE, 1958.

1. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh tuarascál ar na hábhair dá dtagartar i míreanna 4, 7, 9, 12, 13, 15, 17, 20 agus 22.


An Garda Síochána.

2. Bheireann an Coiste faoi deara nach bhfuil breithniú deiridh déanta fós ar mhaitheas chórais rialuithe chostais na Seirbhíse Cothabhála Iompair a cuireadh i bhfeidhm le gairid, agus go gcuirfear sin in iúl dó i dtráth chuí.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

3. Bheireann an Coiste faoi deara na socruithe is gnáth a dhéanamh le conarthaí móra ar fhoras “ama agus ábhair” a mhaoirsiú, agus leis an gcaiteachas ina leith a rialú. Tugann sé faoi deara na cúiseanna nár fostaíodh suirbhéir cainníochtaí sna himthosca an-speisialta a bhain le Teach na gCanónach. Ach níor cuireadh in iúl dó an modh eile a glacadh chun cruinneas éilithe a chinntiú, ná an tseiceáil a rinneadh i leith cuntas na gconraitheoirí sara ndearnadh íocaíocht.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

4. Bheireann an Coiste faoi deara an dlús atá curtha chun déileáil leis na riaráiste cásanna a bhí gan réiteach sa Bhrainse Dleacht Eastáit. Tá glactha aige go bhfaighfear ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste aontú leis na tograí chun na modhanna cuntasaíchta d’athrú.


Talmhaíocht.

5. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go n-iarrfar, nuair fionnfar an fhigiúir dheiridh, údarás ar Dháil Éireann an caillteanas a dhíscríobh a bhain don scéim chun forfospráid d’allmhuiriú agus d’imdháil. Tá súil aige go ndéanfar sin gan ró-mhoill.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

6. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuiltear tar éis glacadh le modh níos gnó-bheartaí chun costais déantóireachta a chinneadh lena gcur i gcomórtas le praghsanna tráchtála. Measann sé go dtiocfadh de sin leas níos mó a bhaint as na saoráidí atá sna ceardlanna.


An Dánlann Náisiúnta.

7. Is maith leis an gCoiste a chlos go bhfuil fiosrú á dhéanamh i dtaobh sasúlacht na socruithe atá ann chun athpictiúirí cárta a thaispeáint agus a dhíol sa Dánlann Náisiúnta.


CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE.

Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta.

8. Tá ráiteas ag gabháil leis an gCuntas Leithreasa i dtaobh an chaiteachais thiomsaithigh a ghabhas le coimisiúin iomaí. Le linn dó a bheith ag scrúdú an ráitis sin, thug an Coiste faoi deara nach raibh an costas foirne a bhí de mhuirear ar vótaí eile ar áireamh. Ón eolas a thug an tOifigeach Cuntasaíochta dá éis sin, is cosúil gur £109,325 an caiteachas iomlán a ghabh, suas go dtí 31 Márta, 1957, le Coimisiúin agus Coistí a bhí ag obair sa bhliain 1956-57.


I 1928-29 a ceapadh Coimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann agus £59,607 an costas iomlán a ghabh leis suas go dtí 31 Márta, 1957. Ceapadh an Coimisiún Log-Ainmneacha i 1946-47, agus £26,923 an costas a bhain leis go dtí an dáta céanna. Ní bhfuair an Coiste leoreolas i dtaobh saothair na gCoimisiún sin. Ós rud é go bhfuilid i mbun oibre le roinnt blianta agus go bhfuil roinnt mhaith caiteachais déanta leo, measann an Coiste go mba mhaith an beart a bhfuil déanta go dtí seo agus a bhfuil beartaithe a dhéanamh a bhreithniú. Measann sé freisin gur cuid den ábhar sin comhoirdniú gníomhachtaí na gCoimisiún iomaí agus na gcomhlacht eile atá ag obair ar mhaithe leis an nGaeilge, mar gheall ar an gcontúirt d’fhéadfadh a bheith ann níos mó ná dream amháin acu a bheith ag déanamh an tsaothair chéanna.


Ba mhaith leis an gCoiste, go háirithe, roinnt eolais shainráite d’fháil faoina bhfuil ar fáil anois de bharr an chaiteachais ar an gCoimisiún Log-Ainmneacha.


Cosaint.

9. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh clár d’ullmhú ina luafaí na maoineanna Stáit atá faoi riaradh na Roinne Cosanta agus dá ndearnadh tagairt ina Thuarascáil dar dáta 18 Feabhra, 1954. Cuireadh in iúl dó an uair sin go gcaithfeadh na socruithe i leith an chláir sin d’ullmhú fanacht nó go n-achtófaí Bille Maoine Stáit faoina bhféadfaí tailte a dhílsiú san Aire Stáit iomchuí. Rinne dlí den Acht Maoine Stáit i 1954 ach níor hullmhaíodh an clár fós. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil na maoineanna ba mhaith leis an Roinn a choimeád ar liosta anois le tarchur chun na Roinne Airgeadais i ndáil le haistriú teideal, ach, mar gheall ar dheacrachtaí áirithe a bhaineas leis na teidil sin, nach bhfuil súil leis an mbeart a bheith críochnaithe go ceann bliana nó níos mó. Ba mhaith leis an gCoiste tábhacht na hoibre sin a lua go soiléir agus tá súil aige nach mbainfidh ró-mhoill lena chríochnú.


348-4


10. Rinneadh conradh i Feabhra, 1954 chun ceann ceathrún roinne a thógáil don Gharda agus críochnaíodh an obair i Meán Fómhair, 1955 ar £32,753. Cuireadh in iúl don Choiste go ndearnadh socrú faoin gconradh sin le cóiríocht chónaithe a dhéanamh d’ocht bhfear déag neamhphósta, do réir iarratais ón Roinn Dlí agus Cirt in 1947. Tuairiscíodh sa Bhealtaine, 1957, gur beag a bhí ina gcónaí ann. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur cheadaigh an Roinn Dlí agus Cirt na pleananna don fhoirgint i 1950, agus nach raibh le déanamh aige féin leis an ábhar ach an fhoirgint a chur ar fáil mar hiarradh.


Bhí ar an gCoiste glaoch ar ais ar an Oifigeach Cuntasaíochta don Vóta don Roinn Dlí agus Cirt agus mhínigh sé i gcúrsa a fhianaise gur ar fhoras an eolais ab fhearr ar a raibh fáil aige, agus comhairle Stiúrthóra na Príomh-Oifige Staidrimh d’áireamh, a rinneadh amach an méid a bheadh ag teastáil. Dúirt sé go ndearna aoiseanna scoir a chur siar difir don méid a bhí ag fágáil an fhórsa agus nárbh fhurasta i 1952, an uair dheireannach a raibh deis aige an t-ábhar a scrúdú, tuairim chinnte a thabhairt faoina dtarlódh. Mhínigh sé freisin go raibh an polasaí faoina gceanglaítear ar Ghardaí gan phósadh cónaí i stáisiúin á bhreithniú agus, ós rud é go mb’fhéidir nach mbainfí leas as an gcóiríocht iomlán sa stáisiún sin, go rabhthas á bhreithniú a ndéanfaí cóiríocht d’fhir phósta de chuid de.


Cé go dtuigeann an Coiste go mba dheacair tuairim chinnte a thabhairt ar an gcóiríocht a bheadh ag teastáil thar thréimhse fhada, measann an Coiste go raibh sáith am ann le cúrsaí an scéil a mheas athuair sna ceithre bliana ón tráth a ceadaíodh na pleananna nó go ndearnadh an conradh, agus go mb’fhéidir go bhféadfaí caiteachas gan riachtanas a sheachaint dá ndéantaí comhar níos dlúithe idir na Ranna lenar bhain an scéal.


11. Rinneadh conradh i 1933 chun Coláiste oiliúna a dhéanamh a bhí le bheith críochnaithe faoi cheann dhá bhliain agus nár críochnaíodh go dtí 1940. £73,803 an costas iomlán. Cuireadh in iúl don Choiste gur tugadh taise neamhghnáthach faoi deara sa bhfoirgint le linn a bheith á déanamh agus nach raibh toradh ar na hiarrachtaí a rinneadh san am lena leigheas. Rinneadh iarrachtaí dá éis lena leigheas ach níor leigheasadh é. Rinneadh suirbhéireacht iomlán grinn ar fhoirgintí an choláiste ansin agus rinneadh conradh eile i 1955 a tharraing £31,380 le athruithe, deisithe agus maisiú a dhéanamh leis na lochta sa bhfoirgint a cheartú. I gcúrsa a fhianaise, mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gurbh é ba chúis leis an moill mhór a bhain leis an bhfoirgint a chríochnú a dheacra a bhí sé ar an gconraitheoir lucht oibre sáthach oilte d’fháil. Stopadh den obair ó am go ham agus bhí air lucht oibre as an gcomharsanacht d’fhostú a measadh nach raibh sáthach eolach ar fad don obair sin. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go mba chuid de dhearadh na foirginte ballaí cloiche teilgthe, uchtbhallaí, gréasbhairr agus guitéirí copair, agus gur theastaigh scoth na gceardaithe le foirgint thirm a dhéanamh, go háirithe san áit rite ina ndearnadh an coláiste sin. Tá forála, inter alia, i gconradh 1955 an díon d’athrú agus na huchtbhallaí agus na guitéirí copair a bhaint anuas.


Is mór ag an gCoiste go mb’éigin dul thar £30,000 i gcostas ag leigheas lochtaí i bhfoirgint a rinneadh, agus ar dealraitheach gur glacadh go raibh sí do réir áireamhachtaí, scathamh chomh gearr ó shoin, is é sin, 1940. Is é tuairim an Choiste, ón bhfianaise a tugadh, nach raibh an dearadh oiriúnach don chrích dá raibh sé ag teastáil agus gurbh shin bunáite na cúise leis an trioblóid a tharla. Is é a thuairim go bhféadfaí foirgint ba lú ná sin d’fhreagródh do riachtanais an Stáit a dhéanamh ar chuid ba lú go mór ná sin de chostas. Ní deimhin leis go ndearnadh gach a mb’fhéidir chun an taise a chosc a tugadh faoi deara go luath tar éis tosnuithe ar an obair. Ní fhéadann sé, ón méid a tharla, gan a chur in iúl go bhfuil sé míshásta leis an gcuma ar pleanáladh agus a rinneadh an obair.


Sláinte.

12. Cuireadh in iúl don Choiste, i ndáil le tabhairt deontas d’Udaráis Sláinte, nach raibh iniúchadh cuntas cheithre údarás sláinte áitiúil do 1954-55 críochnaithe fós. D’fhág sin nach raibh cinneadh deiridh déanta ar na deontais is iníoctha as an vóta don bhliain sin ná blianta dá éis. Cé gur feasach é go dtugtar an chuid is mó de na deontais ó bhliain go chéile agus gur beag in aghaidh an iomláin an méid le haghaidh coigeartuithe, ní mheasann an Coiste go bhfuil an scéal sasúil.


Oifig an tSoláthair.

13. Bhí an t-ioncam ón Oifig Díolta Foilseachán, a dhíolas foilseacháin oifigiúla agus foilseacháin eile, i dtrácht ag an gCoiste. Braitheann sé go bhfuil air tagairt dá laghad eolais atá sa chuntas leithreasa, i dtaobh na mbeart trádála sin. Ullmhaítear cuntas trádála gach bliain agus cuirtear go foirmiúil faoi bhráid an Oireachtais é, ach molann an Coiste go mb’oiriúnaí de shocrú an cuntas sin a chur ag gabháil leis an gcuntas leithreasa agus deis a thabhairt ar an gcuma sin don Choiste ar é a bhreithniú.


Arachas Sóisialach.

14. On eolas a fuair an Coiste ón Oifigeach Cuntasaíochta (Fo-Scríbhinn XVI), is dealraitheach gur £67,422 an t-ioncam a measadh a thiocfadh sa bhliain 1956-57 chun an Chiste Arachais ón infheistiú a rinneadh i bhfoirgint Árais Mhic Dhiarmada agus a threalaimh. Nuair a bhítheas ag ríomh an ghlan-mhuirir a cuirfí sa vóta le haghaidh Arachais Shóisialaigh, baineadh dhá shuim as an tsuim sin:


(a) £13,500, is é sin, an t-ús bliantúil ar £300,000 d’fhaibhrigh don Chiste de dhroim Áras Brugha a chur de láimh chun Boird na nOibreacha Poiblí; agus


(b) an cíos, a socraíodh ar £15,000, is iníoctha ag Córas Iompair Éireann ar an mbus-áras.


Ba mhaith leis an gCoiste go dtabharfaí tuilleadh eolais dó i dtaobh na hasbhainte dá dtagartar ag (a). Bheireann sé faoi deara nár comhaontaíodh fós le Córas Iompair Éireann faoina dhliteanas bliantúil i leith cíosa, agus tá súil aige gur gearr go socrófar an scéal sin gan ró-mhoill.


Bheireann an Coiste faoi deara nach bhfuil aon tsoláthar déanta faoi chomhair díluachadh na foirginte féin bíodh is go bhfuil soláthar ann faoi chomhair díluachadh an troscáin agus an trealaimh atá in Áras Mhic Dhiarmada, mar gur measadh nár ghá sin i ngeall ar an méid a muirearaítear gach bliain as airgead vótáilte lena coinneáil i ndea-dheis éifeachtach ag Bord na nOibreacha Poiblí. Tá an Coiste ag iarraidh tuilleadh eolais faoin bpointe sin; agus is mian leis, freisin, go gcuirfí in iúl dó méid an mhuirir ar airgead vótáilte chun na foirginte a chothabháil más furasta eolas a chur ar an méid sin.


Eolaíocht agus Ealaí.

15. Breithnigh an Coiste £13,455 de chaiteachas faoi mhírcheann B. 8 den vóta i leith deontas chun íoc as costas tréimhseachán a foilsítear i nGaeilge agus do nuachtáin a fhoilsíos nuacht reatha i nGaeilge. Méadaíodh go mór ar na deontais sin ó tosaíodh á n-íoc i 1929-30; £82 a híocadh an tráth sin. Is beag eolas fúthu a bhí sa chuntas leithreasa, ach thug an tOifigeach Cuntasaíochta ráiteas ina bhfuil sonraí (Fo-Scríbhinn XVIII) na méideanna a híocadh agus an méid de gach tréimhseachán a chuaigh i gcúrsaíocht i 1956-57:—


Tréimhseachán

Deontas

Foras Rímh

Cúrsaíocht

 

£

 

 

Inniu

...

...

...

7,574

£148 10s.

gach

eagrán

208,756

Comhar

...

...

1,800

£150

20,658

Feasta

...

...

1,800

£150

18,151

Ar Aghaidh

...

...

165

£15

6,990

An tUltach

...

...

180

£15

24,081

Tír na nÓg

...

...

1,582

Glan-chostas, faoi réir £136 de chostas iomlán gach eagrán

100,065

Nuachtáin

...

...

354

 

 

 

£13,455

 

 

Tugann an Coiste faoi deara go dtugtar cúnamh airgid ó 2s. an chóip le haghaidh tréimhseacháin mhíosúil 9d. go dtí 1.8 pinginn an chóip le haghaidh tréimhseacháin mhíosúil a miondíoltar ar 4d. Ba mhaith leis go ndeimhneodh an tOifigeach Cuntasaíochta dhó go gcuirtear na tréimhseacháin sin ar fáil go héifeachtúil, agus go gcuirfí in iúl dó an méadú a tháinig le blianta beaga anuas ar an méid díobh a théas i gcúrsaíocht.


Seirbhisi na Gaeltachta.

16. I mír 23 dá Thuarascáil dar dáta 19 Feabhra, 1958, thrácht an Coiste ar mhí-éifeachtúlacht an rialuithe a déantar ar stóir i Stór Bhaile Atha Cliath, go háirithe maidir le stoic bhréidín agus earraí cniotáilte.


De dhroim Tuarascála an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste ar na cuntais do 1956-57, rinne an Coiste breithniú arís ar an gcóras rialuithe stór. Cuireadh in iúl dó go bhfuarthas amach ó scrúdú a rinneadh ar na taifid abhrais chniotála a bhí ar láimh i mBaile Atha Cliath go dtógtaí stoc ó am go ham agus go ndéanadh an stórasaí na taifid a choigeartú ionas go réiteoidís leis an méid stoic a bheadh ar láimh. Níor cuireadh aon fhianaise i láthair na n-iniúchóirí go ndearnadh na míréireachtaí d’iniúchadh ná go rabhadar ar áireamh sa liosta míréireachtaí a cuireadh le chéile sa stocáireamh bliantúil neamhspleách. Díríodh aird freisin ar rialú lochtach a bheith ar na stoic seo a bhí ar láimh i dtrí stóras ar leithligh. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh na fíorais amhail mar thuairisagh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus dúirt sé go ndearna sé féin na míréireachtaí d’iniúchadh tar éis a aird a bheith dírithe ar an gceist, agus gur dheimhnigh sé dó féin gur mar gheall ar earráidí cléireachais a tharla a bhformhór agus go raibh na stoic iontu féin ceart.


De thoradh na faisnéise a tugadh le linn scrúduithe an Oifigigh Chuntasaíochta níor fágadh aon amhras ar an gCoiste go raibh bonn maith gearáin ann i dtaobh an rialuithe a déantar ar na stórais seo. Tá sé tar éis a chinneadh, áfach, nár mhór suirbhéireacht iomlán a dhéanamh ar thaifid chuntasaíochta na stóras uile atá á gcoimeád ag Roinn na Gaeltachta agus tuarascáil iomlán d’fháil sara bhféadfadh sé teacht ar thuairim dheimhneach ar na nithe a bhí i gceist. Ghabh an tOifigeach Cuntasaíochta air féin an tuarascáil sin a thabhairt, agus gheall an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste lán-chomhar uaidh féin. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas i dtaobh toradh na suirbhéireachta sin, atá ar siúl anois.


Tailte.

17. Díríodh aird an Choiste ar chaiteachas £2,513 a bhain le briseadh a dheisiú a tharla i gcladhphort a bhí ag cosaint tailte áirithe ar an bhForghas i gCo. an Chláir. £185 an costas a measadh i 1943 a bhainfeadh leis, ach níor tugadh faoin obair an uair sin. I 1953 ceadaíodh caiteachas £1,198, agus méadaíodh an tsuim sin go £1,708 i mBealtaine, 1954 agus go £2,529 i Samhain, 1954. Tosnaíodh ar an obair i Samhain, 1954, agus críochnaíodh é i Lúnasa, 1957. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta insint ina chuid fianaise ar an deacrachtaí go léir a bhain le tabhairt faoin obair sin. Níor léir an dliteanas amhail idir an tionónta agus an tiarna tálún i leith cothabháil na gcladhphort agus chuaigh an deacracht sin siar go dtí cíosanna cothroma a socraíodh i 1887 agus 1906. Tar éis bheith glactha leis na tailte faoi réim an Achta Thalún, 1923, fágadh an dliteanas gan socrú. Ní raibh aon fhreagracht ar Choimisiún na Talún i leith na ndeisiúchán ach ghlac sé an obair ar láimh ar fhoras ex-gratia nuair a chomhaontaigh an tionónta £100 a thabhairt i leith an chostais. Chomhaontaigh an té a bhí ina thiarna talún roimhe sin freisin ciste £500 a bhunú i mbannaí talún 4½% chun an cladhphort sin agus cladhphoirt eile a chotlabháil.


Thrácht an Coiste ar chás den tsamhail chéanna ina thuarascáil dar dáta 13 Meitheamh, 1957. Cé go dtuigeann sé go cruinn a dheacra a bhí sé don Roinn déileáil leis an rud seo tá sé fós ar an tuairim, amhail mar luaigh sé sa Tuarascáil sin, gur chóir aon deisiú ar dhamáiste den tsórt atá faoi bhreithniú a dhéanamh mar bheart éigeandála agus ceist an dliteanais a shocrú ina dhiaidh sin. Sa dá chás, tháinig den mhoill fhada i dtabhairt faoin obair gur híocadh mórán sa bhreis as cistí Stáit nach raibh coinne leis ar dtús agus is folas gur tharla breis dochair do na tailte a bhí faoi uisce.


(Sínithe) SÉAMAS DÍOLÚN,


Cathaoirleach.


17 Iúil, 1958.