|
ORDUITHE TAGARTHA.26 Feabhra, 1958:—D’ordaíodh, Go ndéanfar an Coiste um Chuntais Phoiblí, atá le ceapadh de bhun Buan-Ordú Uimh. 123 i dtosach na bliana airgeadais 1958-1959, a cheapadh anois, d’ainneoin an Bhuan-Orduithe sin, agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste; Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid; Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste i gcomhair na bliana dar críoch an 31 Márta, 1957, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh]. 6 Márta, 1958:—D’ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Booth, Seósamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Mícheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Díolún, Seán Ó Flannagáin, Ó hEochaidh, Mac Seóin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon. |
||||||||||||