Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::20 March, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 20 Márta, 1958.

Thursday, 20th March, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Mac Cuinneagáin, Díolún, Ó hEochaidh, Mac Seóin agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta S. Ó Braonáin:—


“That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus d’aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Díolún i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1956-57.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1956-57. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúirithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, Méaduithe ar Phinsin, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach, Na Coimisinéirí Ioncaim), T. Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Máirt seo chugainn.