Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::25 March, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Máirt, 25 Márta, 1958.

Tuesday, 25th March, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Mícheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Ó hEochaidh, Mac Seóin agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1956-57.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1956-57. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tionscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Muirí, Seirbhísí Eitlíochta agus Meitéaraíochta, An Oifig Chláraitheachta Maoine Tionscail agus Tráchtála, Cuartaíocht, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), An Leiftenant-Ghinearál P. Mac Mathghamhna (Rúnaí, An Roinn Cosanta), Máire Bhreathnach, C. Ó Broin, S. Mac an Airchinnigh, S. Ó Maonaigh agus L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 17 Aibreán, 1958.