Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::17 April, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 17 Aibreán, 1958.

Thursday, 17th April, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Ó hEochaidh, Mac Seóin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1956-57.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1956-57. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig na nOibreacha Poiblí, Oibreacha agus Foirgintí Poiblí, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála, Talmhaíocht agus Iascach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Na Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomnachtaí Carthanúla), S. Ó Fágáin (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), R. Ó hEigeartuigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála), S. Ó Díomsaigh (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), C. Ó Broin agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.