Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::24 April, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 24 Aibreán, 1958.

Thursday, 24th April, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Seán de Brún, Ó hEochaidh, Mac Seóin agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1956-57.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1956-57. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Sláinte, Rialtas Aitiúil, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Oifig an tSoláthair, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Arachas Sóisialach agus Cúnamh Sóisialach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), S. Mac Craith (Coimisinéir Luachála), T. Ó Maoileoin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), L. Ó hUanacháin (Rúnaí Cúnta, An Roinn Leasa Shóisialaigh), Máire Bhreathnach, C. Ó Broin agus P. S. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.50 a.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.