Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::01 May, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 1 Bealtaine, 1958.

Thursday, 1st May, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas,) na Teachtaí Seán de Brún, Mícheál Mac Cárthaigh, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Seóin agus Tadhg Ó Loingsigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1956-57.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1956-57. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gealtlann Dúndroma, An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoil-eanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Poist agus Telegrafa agus Forleathadh Neamhshreangach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. Ó Cadhain (Gobharnóir, Gealtlann Dúndroma), B. Mac Conmara (Cláraitheoir, An Dánlann Náisiúnta), T. Ó Raifeartaigh, (Rúnaí, An Roinn Oideachais), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), P. MacGuill, S. Mac an Airchinnigh agus S. Ó Buachalla (An Roinn Airgeadais), An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.