Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::20 November, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 20 Samhain, 1958.

Thursday, 20th November, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Mícheál Mac Cárthaigh, Ó hEochaidh, Mac Seoin, agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa. 1957-58.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Gealtlann Dhúndroma, Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Na Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomnachtaí Carthanúla), an Dr. Ó Cadhain (Gobharnóir, Gealtlann Dúndroma), P. Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), S. Ó Fágáin (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), Máire Bhreathnach agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais), an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.25 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.