Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1957 - 1958::27 November, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 27 Samhain, 1958.

Thursday, 27th November, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Seosamh Ó Braonáin, Seán de Brún, Mac Cuinneagáin, Ó hEochaidh, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1957-58.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcomhair na bliana 1957-58. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Cosaint, Arm-Phinsin, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaín, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Ollscoileanna agus Coláistí, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. Mac Brádaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), T. Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Máire Bhreathnach, C. Ó Broin agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais), agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.