Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1956 - 1957::08 May, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 8 Bealtaine, 1958.

Thursday, 8th May, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seósamh Ó Braonáin, Seán de Brún, MacCuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Seán Ó Flannagáin, Ó hEochaidh, Mac Seóin, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1956-57.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1956-57. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar Eadarnáisiúnta, Seirbhísí na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Tailte, Foraoiseacht agus An tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste. D’athscrúdaíodh an Cuntas seo a leanas:—Oifig an Aire Dlí agus Cirt.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh C. Ó Creimín (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. Ó Braonáin (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), T. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Tailte), E. Suttle (Rúnaí agus Stiúrthóir na h Iniúchóireachta), T. Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Máire Bhreathnach, P. S. Mac Guill agus S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.25 p.m.