|
TUARASCÁILCUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 14 NOLLAIG, 1956.Cúnamh Sóisialach.1. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuiltear ar aon-tuairim leo i dtaobh a mbaineann le béilí a sholáthar do leanaí scoile agus go bhfuil sé beartaithe reachtaíocht a dhéanamh chun an scéal a chinntiú. Tugann an Coiste faoi deara go dtug an tArd-Aighne de chomhairle nár dhleathach an costas le cois a bhainfeadh le hullmhú béilí, thar an méid a chosnódh an bheatha a sholáthar, d’íoc as cistí poiblí. De bharr na comhairle sin, tá scrúdú á dhéanamh ar a mhéid san iomarca a heisíodh de dheontais Stáit. Tugann an Coiste faoi deara freisin go bhfuil fiosruithe á ndéanamh faoi na béilí a soláthrófar a bheith ar aon-chothrom. Arm-Phinsin.2. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil breithniú á dhéanamh ar na socruithe atá ann chun fíorú a dhéanamh nuair a héilítear boinn. Measann sé gur cheart an t-athbhreithniú seo a chríochnú a luaithe is féidir, ag féachaint don tábhacht a bhaineas le dámhadh boinn mhíleata mar ní cinnteach maidir le liúntas speisialta a dheonadh. Tugann sé faoi deara nach féidir, sna cásanna áirithe ar díríodh aire orthu agus ar deonadh liúntais speisialta do dhaoine dár dámhadh boinn nach raibh teideal acu chucu, an méid a bhí cistí poiblí caillteach leis sin d’aisghabháil mar gheall ar na daoine a bhí i gceist a bheith ar ghannchuid acmhainne. Bun-Oideachas.3. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil dlús curtha le hathbhreithniú a dhéanamh ar an scála táillí bliantúla a hordaíodh i 1949 do mhic léinn atá ag freastal ar Choláistí Ullmhúcháin, agus ba mhaith leis go gcuirfí na táillí nua in iúl dó. CUID II—CUNTAIS AIRITHE.Fáltais Bhreise an Stát-Chiste.4. Nuair a bhí sé ag dul tríd na cuntais thug an Coiste faoi deara go dtarlaíodh go minic go gcuirtí mion-fháltais i gcuntas mar bhreisfháltais stát-chiste cé go ndearna na vótaí a bhí i gceist socruithe le haghaidh leithreas-i-gcabhair. Is é rud a mholas an Coiste go ndéanfaí, mura mbeidh fáth mór éigin lena mhalairt a dhéanamh, na mionfáltais sin a chur i gcuntas i gcabhair ar na vótaí agus go laghdófaí ar an gcuma sin an méid cuntasaíochta a bheadh le déanamh. An Garda Síochána.5. Déantar cóir iompair an Gharda Shíochána a chothabháil i gceardlanna an Depot. Díríodh aird an Choiste ar neamhéifeacht an rialuithe a déantar ar na stórais a coimeádtar chuige sin—níor coimeádadh na taifid suas go dáta agus ní raibh taifead stocáirimh ar fáil. Mar gheall ar an gcóir iompair sin a bheith ag méadú, is ábhar tábhachtach é sin anois. Cuireadh in iúl don Choiste gur cuireadh dlús leis an gcóiríocht stórais d’fheabhsú agus le córas níos fearr taifeadaidh agus stocáirimh. Tugann sé faoi deara freisin gur fostaíodh saineolaithe éifeachtúlachta chun córas rialuithe chostas a bhunú maidir leis na seirbhísí cothabhála iompair agus tá súil aige go dtiocfaidh tíobhas de sin agus ba mhaith leis go gcuirfí an toradh in iúl dó i dtráth chuí. Forleatha Neamhshreangach.6. Rinneadh luach £18,600 d’iarmhéid stóras a cheannaigh an Phost-Oifig i rith na mblianta 1951-52 go 1953-54 mar chúltaca éigeandála chun stáisiúin forleatha neamhshreangaigh a chothabháil d’aistriú chun na seirbhíse forleatha i rith na bliana 1954-55. Tá luach £3,000 de na stórais sin as dáta nó ar fuíoll riachtanais iad agus baineann luach £12,000 de stórais eile le tiomarnóir gearr-thonn nár baineadh seirbhís rialta as. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun an tiomarnóir agus na stórais nach bhfuil gá a thuilleadh leo a dhiúscairt agus beidh áthas air a chlos faoi thoradh na n-iarrachtaí sin. Cosaint.7. Rinneadh tagairt sa tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste d’iniúchadh ar threalamh réamhchúram in aghaidh aer-ruathar agus ar stórais liachta leis an stát a ceannaíodh le linn na héigeandála agus atá in ionaid agus in ospidéil ar fud na tíre. Luadh i bhfianaise go raibh na stórais liachta i 99 ospidéal agus, de dhroim iniúchta ar na stórais sin a bhí i 24 de na hospidéil, gur measadh luach £1,400 as £8,000 san iomlán de na hearraí a bheith gan mhaith. Tuigeann an Coiste nach raibh neart ar mheath éigin a theacht ar na stórais, ach níl a fhios aige nár lú a bheadh an caillteanas dá ndéantaí comhoibriú níos fearr le húdaráis na n-ospidéal. Tugann sé faoi deara go bhfuarthas i 24 de na hospidéil stórais ar measadh £6,600 de luach dóibh a bheith inúsáidte agus ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó luach iomlán na stóras inúsáidte atá mar chúltaca sna 99 ospidéil. Tá na stórais sin ar láimh le deich nó dó dhéag de bhlianta agus ba mhaith leis an gCoiste deimhniú d’fháil gur de chineál agus de cháilíocht a dhéanfadh cúis in imthosca an lae inniu na stórais adeirtear a bheith inúsáidte agus gur scrúdaíodh leis an intinn sin iad féachaint cé acu ba cheart iad a choimeád nó iad a dhiúscairt. 8. Cuireadh in iúl don Choiste faoi 125 gluais-rothar a díoladh nár baineadh leas ariamh astu agus ba chuid de chonsíneacht 500 a ceannaíodh sa bhliain 1945. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur coinníodh na hinnill sin de chúltaca mar shocrú éigeandála ach gur cinneadh sa bhliain 1953 iad a dhíol mar nach raibh an múnla rothair sin á dhéanamh a thuilleadh agus nárbh éasca páirteanna ionaid d’fháil, agus, freisin, toisc ar caitheadh d’aimsir ó ceannaíodh na gluais-rothair, go raibh comharthaí meatha le sonrú i gcuid de na gabhálais. Sna himthosca sin, níl dada le rá ag an gCoiste. Maidir leis an díolachán, tugann sé faoi deara gur glacadh le tairiscint £6,938 ach gur chinn ar an té a bhí ag ceannach an conradh a chomhlíonadh agus go mb’éigin tairiscintí úra d’iarraidh, rud dá dtáinig gur glacadh le tairiscintí nach raibh iontu ach £4,632 san iomlán. Tá curtha in iúl don Choiste go bhfuil na comhairleoirí dlí ag breithniú an féidir méid an chaillteanais d’aisghabháil. Rialtas Aitiúil.9. Cuireann Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, ar chumas an Aire Rialtais Aitiúil ranníoc a dhéanamh laistigh de thórainneacha sonraithe i leith iasachtaí tithíochta a bhíos ar údarás áitiúla d’íoc. Rinneadh muirir áirithe bhreise faoina ndeachthas le iasachtaí áirithe tithíochta a ndearnadh iad d’airleacan as Ciste na nIasacht Aitiúla de dhroim méaduithe ar rátaí úis d’aisíoc freisin le húdaráis áitiúla ó 1949-50, ach is ar fhoras neamh-reachtúil é, agus híocadh £603,096 faoin mírcheann sin sna sé bliana go 1954-55. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurb é a thuairim nach inmhianuithe ó phrionsabail go leanfaí de bheith ag déanamh íocaíochtaí de mhéid intsonruithe gan údarás reachtúil sonraithe, go mór-mhór toisc na bhforál comhréire atá sna hAchta. Ba é tuairim an Oifigigh Chuntasaíochta nár ghá tuilleadh reachtaíochta mar go ndéantar na híocaíochtaí d’údarú in aghaidh na bliana faoi na hAchta Leithreasa agus nach rabhthas á ndéanamh ach i ndáil le huimhir thórainnte scéimeanna a bhí glactha ar láimh cheana féin. Is dóigh leis an gCoiste gur inmhianuithe go ndéanfaí feidhmeanna comhleanúnacha Roinne Rialtais a shonrú le reacht sonraithe nuair a bheadh caiteachas mór bliantúil i gceist. Tagann de na híocaíochtaí neamhreachtúla go bhfaigheann údaráis áitiúla ar ais cuid de mhuirir iasachtaí tithíochta is mó ná an méid a gheobhaidís do réir mar atá ar intinn sna Reachta agus is é barúil an Choiste go mba cheart an scéal a dhéanamh rialta pé uair a bheas reachtaíocht leasaitheach á beartú. Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.10. Mar gheall ar scoil foraoiseachta níos mó ná an ceann in Avondale a bheith ag teastáil, de bharr foráis, ón Roinn Tailte, cinneadh foirgintí Theach na gCanónach a ceannaíodh ar thuairim is £3,800 d’oiriúnú. Bhí a fhios na foirgintí sin a bheith ag dul ó rath le críonlobhadh agus rinneadh conradh ar £2,899 maidir le réamh-obair agus an lobhadh sin a stopadh. Bhí sé ar intinn tairiscintí d’iarraidh agus conradh a dhéanamh le haghaidh an phríomh-oiriúnuithe ach ní rabhthas ábalta é sin a dhéanamh toisc an críon-lobhadh a bheith chomh mór sin agus an saghas oiriúnuithe a bhí le déanamh i gcoitinne. Rinneadh an obair faoi chlásail “ama agus ábhair” an chonartha réamh-oibre agus measadh gur £95,000 an costas, ar bhain £57,000 de leis an gcríon-lobhadh. Tuigeann an Coiste nár bhféidir a dhéanamh amach ó iniúchadh cá fhaid a chuaigh an críon-lobhadh. Tugann sé dá aire gur ligeadh do chonradh daingean £2,899 fás nó gur fholaigh sé oibreacha a chosain £95,000 agus ba mhaith leis a rá gurb é a thuairim láidir nach ceart conartha ama agus ábhair a dhéanamh ach in imthosca an-speisialta agus gur cheart iad a mhaoirseacht agus a sheiceáil go géar. Ní deimhin leis an gCoiste gur leor an mhaoirseacht agus an tseiceáil a rinneadh sa chás seo. 11. Rinne an Roinn Tionscail agus Tráchtála conradh £391,000 i leith réidh-bhealaí crua-éadain a dhéanamh ag aerodróm Bhaile Dhomhnaill don Roinn Cosanta agus rinneadh an caiteachas faoina ndeachthas a mhuirearú ar an Vóta d’Oibreacha agus Foirgintí Poiblí. Ní léir don Choiste imthosca d’fhágfadh ceart é trí Ranna a bheith gafa leis an aon-obair amháin sin. Ní deimhin leis go mb’fhearrde an tíobhas é an nós imeachta a leanadh ná gur seachnaíodh dul faoi bharr-chostas den tsórt céanna thar uair amháin. 12. Díríodh aird an Choiste ar chaidéil a ceannaíodh ar £15,000 i rith na tréimhse 1949-1953 a mheath agus iad sa stóras. Bhí cuid acu nár baineadh feidhm riamh astu agus cuid eile nach ndearnadh ach beagán úsáide riamh díobh. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go mb’éard a bhí sna haonaid sin trealamh ionaid nár mhór a bheith ar láimh le haghaidh oibreacha siltin agus gurb é ba chúis leis an meath nach raibh stórais chlúdaithe ann, ach go bhfuil sin curtha ar fáil anois. Cé go n-admhaíonn an Coiste gur gá méid áirithe trealaimh ionaid a choimeád, measann sé gur ceart an trealamh sin a chothabháil i staid le go bhféadfaí é d’úsáid láithreach. 13. I rith na tréimhse ó 1948 go 1952, rinneadh 91 foireann soilsiúcháin ar chosain cuid acu suas le £350 an ceann, agus a ceannaíodh mar chuid de threalamh comhghabhálach tochailteoirí a thógáil as na tochailteoirí agus a chur ar ais sa stóras ar an ábhar nach rabhadar á n-úsáid. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh sé ceaptha obair oíche a dhéanamh ar scéimeanna siltin agus na foirne soilsiúcháin d’úsáid lena aghaidh sin, ach, cheal phearsanra oilte, gur de ló amháin a rinneadh an obair. Is olc leis an gCoiste gur ceannaíodh trealamh nach raibh gá leis agus ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó cad tá beartaithe ag an Roinn a dhéanamh faoi. Tailte.14. Sa bhliain 1949, tháinig bearna bheag sna bruacha a bhí ag cosaint tailte ar uiscí taoide chraobh-abhann den tSionainn i gContae an Chláir, agus i mí Fheabhra, 1950, nuair a bhítheas tar éis £734 a chaitheamh, stopadh de na hiarrachtaí a bhí Coimisiún na Talún a dhéanamh leis an mbearna a dhúnadh. Ní dheachthas ar aghaidh le aon obair eile nó go socrófaí cé d’íocfadh costas na n-oibríochtaí, agus rinneadh margántaíocht faoin bpointe sin idir Coimisiún na Talún, an Chomhairle Chontae, agus sealbhóirí na talún lenar bhain an scéal. An fhad agus a bhí an mhargántaíocht ar siúl bhí an bhearna ag méadú nó go mb’éigin athdhéanamh mór a chur ar siúl. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí an obair sin i 1955 faoi Chuid IV den Acht Siltin Airtéirigh, 1945, agus £100,000 an costas a meastar dó sin, ar a n-áirítear £34,700 chun an bhearna a dheisiú. Is é barúil an Choiste go mb’fhéidir an bhearna a bhí ann a dhúnadh mar bheart éigeandála agus go bhféadfaí a shocrú ina dhiaidh sin cé d’íocfadh an costas. Taispeánann an cás gur gá comhoibriú idir na seirbhísí éagsúla Stáit ionas gur féidir obair den tsórt sin a dhéanamh a luaithe is féidir, ar chaoi nár ghá airgead a chaitheamh ag leigheas damáiste a tharla mar gheall ar mhoill agus faillí. 15. Rinneadh cuaillí fáil a theastaigh ón Roinn Tailte i leith feabhsú eastát a cheannach ó chonraitheoirí trí Bhrainse Stóras na Post-Oifige, cé gur ceann de ghnáth-oibríochtaí rannóige foraoiseachta na Roinne cuaillí fáil a sholáthar. Míníodh don Choiste go bhfuil ceangal ann, do réir treoracha a thug an Roinn Airgeadais sa bhliain 1926 maidir le hearraí a bhíos ag teastáil le haghaidh seirbhíse an Rialtais, cuaillí fáil a cheannach trí Bhrainse Stóras na Post-Oifige. Mar seo a chítear don Choiste é: cuireann an Roinn cuaillí ar fáil agus teastaíonn cuaillí uaithi féin le haghaidh fálta. Bhí ar chumas na Roinne freastal di féin, ach i ngeall ar shean-rialachán, híocadh £860 le conraitheoirí seachtracha ar na soláthairtí seo. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó an leantar go dlúth go fóill, i gcoitinne, de threoracha 1926 maidir le ceannach agus, freisin, an bhfuil gá le hiad d’athbhreithniú ag féachaint do chúinsí an lae inniu. 16. Rinne Coimisiún na Talún faillí maidir le dréin a ghlanadh a bhí le hais talún a ghlacadar, agus rinne únaer na dtailte láimh leis sin caingean dlí a bhunú sa bhliain 1952 ar lorg damáistí as tuilte a theacht ar a chuid talún san de dhroim faillí an Choimisiúin. D’éirigh leis an ngearánaí ina chaingean agus i gcaingean eile den tsaghas céanna a bunaíodh sa bhliain 1953 tar éis tailte Choimisiún na Talún a bheith dáilte do thionóntaí faoi chomhaontuithe ceannaigh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur cuireadh ceist chun na n-oifigeach dlí dá fhiafraí an bhfuil an Coimisiún freagrach i gcónaí i nglanadh na ndréineanna cé nach bhfuil na tailte ina sheilbh a thuilleadh. Beidh áthas ar an gCoiste a gcinneadh a chlos. Cúnamh Sóisialach.17. Cinneadh i mí na Bealtaine, 1954, tar éis eolas d’fháil a thug Oifig na Dleachta Eastáit gur híocadh £414 iomarcach le pinsinéir sean-aoise i leith na tréimhse ó mhí na Nollag, 1938, go dtí dáta a bháis i mí Feabhra, 1952. Bhí an t-eastát roinnte i mí Iúil, 1953— sara bhféadfaí an ró-íocaíocht d’éileamh ar ais. Is léir don Choiste deacrachtaí na gcásanna seo ach is dóigh leis, sa gcás atá á scrúdú anseo, gur ligeadh barraíocht ama thart sarar tugadh an t-ábhar chun críche. Is dóigh leis gur cheart nós imeachta na Roinne d’athbhreithniú féachaint ar bhféidir cúrsaí a luathú ionas nach mbeidh an Stát caillteach de dhroim moille do bhaint le éilithe a bhunú in aghaidh eastát i gcásanna inar híocadh an iomarca i leith pinsin shean-aoise. Oifig an tSoláthair.18. Déanann gníomhairí socruithe maidir le fógraíocht i bhfoilseacháin Rialtais, bailíd na fáltais agus, tar éis dóibh a gcoimisiún d’asbhaint, cuirid an toradh glan go dtí Oifig an tSoláthair. Cuireadh i bhfáir don Choiste nach bhfuil na socruithe conartha atá déanta leis na gníomhairí sin soiléir i ngach cás. Tuigeann an Coiste go bhfuiltear ag aithbhreithniú an scéil agus ba mhaith leis go gcuirfí na socruithe athbhreithnithe in iúl dó. (Sínithe) SÉAMAS DÍOLÚN, Cathaoirleach. 13 Meitheamh, 1957. |
||||||||||||