Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1954 - 1955::13 July, 1956::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé hAoine, 13 Iúil, 1956.

Friday, 13th July, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste at 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Mac Pharthaláin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Bean Uí Chearbhaill, Ó hEaghra agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Sheldon:—


“That Deputy Carter be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus d’aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Artúir i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1954-55.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1954-55. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Príomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeall Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, Luach Saothair, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais, An Ciste Forbartha Náisiúnta, agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach, Coimisinéirí Ioncaim) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló at 12.50 p.m.