Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1954 - 1955::13 June, 1957::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

27 Meitheamh, 1956:—D’ordaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1955, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


5 Iúil, 1956:—D’ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí A. de Barra, Mac Pharthaláin, S. Ó Braonáin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, A. P. Dockrell, T. Ó Loingsigh, Ó Mothair, Bean Uí Chearbhaill, Ó hEaghra agus Sheldon.


1 Bealtaine, 1957:—D’ordaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31 Márta, 1955, agus Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí ar an Tuarascáil sin, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


2 Bealtaine, 1957:—D’ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Booth, S. Ó Braonáin, Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Díolún, Ó Donnagáin S. Ó Flannagáin, Ó hEachaidh, Mac Seoin, Ó Lorcáin, T. Ó Loingsigh agus Sheldon.