Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::24 October, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 24 Deireadh Fómhair, 1957.

Thursday, 24th October, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cuinneagáin, Ó Donnagáin, Ó hEachaidh, Mac Seoin, Ó Lorcáin agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1955-56.


D’athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1955-56. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachais, Meán-Oideachais, Ceard-Oideachais, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. Ó Fágáin (Coimisinéir, Oifig na nOibreacha Poiblí), P. Mac Guill, S. Mac an Airchinnigh, S. Ó Maonaigh, S. Ó Conaill agus L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.5 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, seo chugainn.