Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::31 October, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 31 Deireadh Fómhair, 1957.

Thursday, 31st October, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cárthaigh, Ó Donnagáin, Ó hEachaidh, Tadhg Ó Loingsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1955-56.


D’athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1955-56. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Rialtas Aitiúil, Tailte, Foraoiseacht, Seirbhísí na Gaeltachta agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), E. Suttle (Rúnaí, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste), P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.35 p.m.