Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::09 October, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 9 Deireadh Fómhair, 1957.

Wednesday, 9th October, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cárthaigh, Ó Donnagáin, Ó hEachaidh agus Mac Seoin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1955-56.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1955-56. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Sláinte, Talmhaíocht, Iascach, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), S. Ó Díomasaigh (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), T. Ó Cadhain (Rúnaí, Roinn Dlí agus Cirt), Máire Bhreathnach, C. O Broin agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 24 Deireadh Fómhair, 1957.