Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::11 July, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 11 Iúil, 1957.

Thursday, 11th July, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cuinneagáin, Ó hEachaidh, Mac Seoin, Tadhg Ó Loinsigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1955-56.


D’athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1955-56. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar Eadarnáisiúnta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Arachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Seán Ó Murchadha (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), P. Ó Céadaigh (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), R. Ó hÉigeartuigh, (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála), An Leifteanant-Ghinearál P. Mac Mathghamhna (Rúnaí, An Roinn Cosanta), P. Mac Guill agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair, 1957.