Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1955 - 1956::03 October, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair, 1957.

Thursday, 3rd October, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Díolún (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seosamh Ó Braonáin, Mac Cárthaigh agus Ó hEachaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1955-56.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1955-56. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gealtlann Dúndroma, Oifig an tSoláthair. Tionscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Muirí, Seirbhísí Eitlíochta agus Meitéaraíochta, An Oifig Chláraitheachta Maoine Tionscail agus Tráchtála agus Cuartaíocht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. Ó Caidhin (An Gobharnóir, Gealtlann Dúndroma), T. Ó Maoileoin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), Máire Bhreathnach, P. Mac Guill, S. Mac an Airchinnigh agus L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.25 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Céadaoin seo chugainn.