Committee Reports::Report No. 02 (1956) - Statutory Instruments::28 June, 1956::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 28 Meitheamh, 1956.

Thursday, 28th June, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Fearáin, Ó hEacháin agus Breathnach.


3. Breithniú na Mheabhráin.


Tar éis breithniú a dhéanamh ar an meabhrán a chuir an Roinn Dlí agus Cirt isteach de dhroim an scrúduithe ar an bhfinné a cuireadh mar ionadaí os comhair an Choiste maidir le trí ionstraimí reachtúla:


(i) D’Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn Airgeadais meabhrán ar cheist ghinearálta dátuithe orduithe reachtúla a chur isteach.


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Seanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 271 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1956 [I.R. Uimh. 15 of 1956].


(iii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an Ordú um Páigh an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 272 de 1955].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.30 a.m.