Committee Reports::Report No. 02 (1956) - Statutory Instruments::21 April, 1956::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Luain, 21 Aibreán, 1956.

Monday, 21st April, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Dubhglas, Ó Fearáin, Ó Síthigh-Sceimhealtún agus Breathnach.


3. Scrúdú ar Ionadaí Roinne.


Rinneadh P. Mac Conghaile, an t-ionadaí a cheap an Roinn Dlí agus Cirt chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné, de dhroim orduithe an 22 Márta, 1956, a scrúdú maidir leis na hionstraimí seo a leanas:


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 271 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 272 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1956 [I.R. Uimh. 15 de 1956].


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna faoi bhráid an Choiste do réir Orduithe an 7 Márta, 1956, a bhreithniú:


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Forluiteacha) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 142 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Forluiteacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 145 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta agus Forála Ilghnéitheacha) (Idirlinn) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 92 de 1955].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe, 1955 [I.R. Uimh. 218 de 1955].


An tOrdú um an Ordú Praghas Mion-Díola (Taispeáint) (Uimh. 1), 1938 (Cúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 182 de 1955].


An tOrdú Praghasanna Mionreaca (Taispeáint), 1955 [I.R. Uimh. 183 de 1955].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais Faoi Alt 53), 1955 [I.R. Uimh. 210 de 1955].


Barántas Leasuithe an Bheart-Phoist Choigríche (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 221 de 1955].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas), 1955 [I.R. Uimh. 217 de 1955].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 20 (2)) (Eisiamh), 1955 [I.R. Uimh. 171 de 1955].


An tOrdú um Límistéir Táirgthe Síolta (Biatas Siúcra) agus Toirmeasc ar Phlandaí, 1955 [I.R. Uimh. 203 de 1955].


Na Rialacháin Telex, 1955 [I.R. Uimh. 229 de 1955].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Araíonacht R.Ó.É. A. 7.—Leasuithe. Leasú Uimh. 19.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Araíonacht. R.Ó.É. A. 7.—Leasuithe. Leasú Uimh. 20.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Fórsa Cosanta Aitiúil R.Ó.É. Ct. 5.— Leasuithe. Leasú Uimh. 35.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Fórsa Cosanta Aitiúil R.Ó.É. Ct. 5.— Leasuithe. Leasú Uimh. 37.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R. 3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 140.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R. 3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 143.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R. 3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 146.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) R.Ó.É. Ct. 1. Leasú Uimh. 20.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ct. 6. An Slua Muirí.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ct. 2. (An Cúltaca Fear) (An Chéad Líne).


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. C. 2. Eadach—Cuid I. (Fir de na BuanÓglaigh) (Lena n-áirítear Daltaí).


5. Meabhráin Mhínitheacha le hIonstraimí Reachtúla.


Tar éis breithniú a dhéanamh ar an meabhrán a chuir an Roinn Airgeadais faoi bhráid an Choiste do réir Orduithe an 22 Márta, 1956, ag cur síos go ginearálta ar mheabhráin mhínitheacha a chur le hionstraimí reachtúla.


Beartaíodh: Go gcuirfear isteach i dTuarascáil an Choiste an meabhrán ón Roinn Airgeadais agus an meabhrán ón Roinn Leasa Shóisialaigh a bhaineas le trí ionstraimí reachtúla.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m.