Committee Reports::Report No. 02 (1956) - Statutory Instruments::21 November, 1956::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 21 Samhain, 1956.

Wednesday, 21st November, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Dubhglas, Ó Fearáin agus Breathnach.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an fiche ceathair ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo:—


An tOrdú um an Aire Rialtais Áitiúil (Gníomhaireacht), 1955 [I.R. Uimh. 238 de 1955].


An tOrdú fán Ordú um an Aire Rialtais Áitiúil (Gníomhaireacht), 1955 (Ainmniúcháin a Chúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 240 de 1955].


An tOrdú um an Aire Tionscail agus Tráchtála (Gníomhaireacht), 1955 [I.R. Uimh. 253 de 1955].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 221, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 222, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 223, 1955.


An tOrdú um Obair Oiche (Bácúis) (Obair Neamh-choitianta), 1955 [I.R. Uimh. 93 de 1955].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide, 1955 [I.R. Uimh. 129 de 1955].


Na Rialacháin Substaintí Ice (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 149 de 1955].


An tOrdú um Iompar Bainne, 1955 [I.R. Uimh. 174 de 1955].


An tOrdú Síolta (Allmhuiriú a Rialú), 1955 [I.R. Uimh. 177 de 1955].


An tOrdú um an Acht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta) (Tíortha lena mBaineann), 1955 [I.R. Uimh. 197 de 1955].


An tOrdú Deocha Meisciúla (Praghsanna Uasta), 1955 [I.R. Uimh. 207 de 1955].


An tOrdú um Thoitíní (Praghsanna Uasta), 1955 [I.R. Uimh. 209 de 1955].


An tOrdú um Thobac (Praghsanna Uasta), 1955 [I.R. Uimh. 208 de 1955].


An tOrdú Siúcra (Praghsanna Uasta), 1955 [I.R. Uimh. 212 de 1955].


Na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Réim Dlithe a Leathnú) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 223 de 1955].


Na Rialacháin um Chiste Cúitimh Aturnaethe, 1955 [I.R. Uimh. 234 de 1955].


Rialacháin na Maor Tráchta, 1955 [I.R. Uimh. 246 de 1955].


An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna Breise) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 249 de 1955].


An tOrdú um Chumann Croise Deirge na hÉireann (Treoracha maidir le hOthar-Sheirbhís), 1955 [I.R. Uimh. 251 de 1955].


An tOrdú um an Ospidéal Ríoga, Cill Maighneann (Rialtóirí a Scor agus Cairteacha a Chúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 260 de 1955].


An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 267 de 1955].


Ordú na mBannaí Talún, 1955 [I.R. Uimh. 268 de 1955].


4. Dátaí Ionstraimí.


Tar éis breithniú a dhéanamh ar an meabhrán a chur an Roinn Airgidais faoi bhráid an Choiste do réir Ordaithe an 28 Meitheamh, 1956, ag cur síos go ginearálta ar dátaí ionstraimí:—


Beartaíodh: Go gcuirfear an meabhrán i dTuarascáil an Choiste.


5. Tuarascáil an Choiste.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil i láthair agus léadh í mar leanas:—


D’aontaíodh míreanna 1 go 12 go huile.


D’aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil.


D’ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh do Sheanad Éireann.


6. Athlá.


Chuaigh an Choiste ar athló ar 5.50 p.m.