Committee Reports::Report No. 02 (1956) - Statutory Instruments::22 March, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 22 Márta, 1956.

Thursday, 22nd March, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Fearáin agus Ó SíthighSceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin bhreise a chuir Ranna isteach do réir Orduithe an 7 Márta, 1956, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacha chun Príosúin a Rialú, 1955 [I.R. Uimh. 127 de 1955].


Rialacháin i dtaobh Tomhas agus Griangrafadh Príosúnach, 1955 [I.R. Uimh. 114 de 1955].


(ii) D’Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an hionstraimí seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné chun na hionstraimí seo a leanas a mhíniú:—


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 271 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 272 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1956 [I.R. Uimh. 15 de 1956].


4. Meamraim Mhínitheacha le hIonsrtaimí Reachtúla.


Do hathchromadh ar bhreithniú a dhéanamh ar an meabhrán a chuir an Roinn Leasa Shóisialaigh faoi bhráid an Choiste do réir Orduithe an 2 Samhain, 1955, agus a cuireadh ar athló ar an 7 Márta, maidir le trí hionstraimí reachtúla:


D’Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn Airgeadais meabhrán a chur faoi bhráid an Choiste ag cur síos go ginearálta ar mheabhrán mhínitheacha a chur le hionstraimí reachtúla.


5. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na seacht gcinn déag d’ionstraimí reachtúla a luaitear thíos a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo:


An tOrdú um an Aire Cosanta (Gníomhaireacht) (Uimh. 3), 1955 [I.R. Uimh. 191 de 1955].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 186 de 1955].


An tOrdú um Eilimh Gháis Dhroichead Atha, 1955 [I.R. Uimh. 192 de 1955].


An tOrdú um Fheithielí Inneallghluaiste (Taisteal Idirnáisiúnta), 1955 [I.R. Uimh. 94 de 1955].


Na Rialacháin fán Acht Toradh Déiríochta, 1924 (Rialacháin faoi Chuid III) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 165 de 1955].


An tOrdú um Chomhluchta Poiblí (Forála Sealadacha), 1955 [I.R. Uimh. 155 de 1955].


An tOrdú um an Ordú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1955 (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 245 de 1955].


An tOrdú fá na hOrduithe um Imdháil (Seithí agus Craicne (Cúlghairm), 1955 [S.R. Uimh. 202 de 1955].


An tOrdú chun Allmhuiriú a Thoirmeasc (Cáis), 1955 [I.R. Uimh. 119 de 1955].


An tOrdú Cumhachta Práinne (Abhair Bheatha), 1944 (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 103 de 1955].


Ordú na Siopaí Gruagaireachta (Uaire Trádála ar Laethe Seachtaine) (Ceantar Uirbeach Thráighlí), 1955.


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú Sealadach), 1955 [I.R. Uimh. 201 de 1955].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 200 de 1955].


An tOrdú um an Acht Loingis Thráchtála, 1955 (Stát Comharaíochta) (An Ríocht Aontaithe agus a Coilíneachta), 1955 [I.R. Uimh. 263 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníoca) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 215 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta agus Forála Ilghnéitheacha) (Idirlinn) (Leasú) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 242 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1955 [I.R. Uimh. 241 de 1955].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m.