Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1954 - 1955::20 July, 1956::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé hAoine, 20 Iúil, 1956.

Friday, 20th July, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.45 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Artúir (i gCeannas), na Teachtaí Bean Uí Chruadhlaoich, Bean Uí Chearbhaill agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1954-55.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1954-55. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla, Oifig an Aire Dhlí agus Cirt, an Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí, Oifig na nAnnálacha Poiblí, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann agus Suirbhéireacht an Ordanáis.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Mairtín (Rúnaí, Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), T. Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Mac Craith (Coimisinéir Luachála), S. O Buachalla agus S. Twamley (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste are athló ar 1.50 p.m.