|
TUARASCÁILCUID I. NÓTAÍ GINEARÁLTA.MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 16ú NOLLAIG, 1954.Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.1. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go ndéanfar ráiteas, ag taispeáint costais iomláin mheasta gach ítime faoi Fho-Mhírcheann B, agus an méid a soláthraíodh chuige sin, a chur ar fáil nuair a bheas an Meastachán á bhreithniú ag Dáil Éireann gach bliain. Tá súil ag an gCoiste, áfach, go ndéanfar breithniú i dtaobh colún a chur isteach a thaispeánfas na méideanna a bheas caite cheana féin ar gach ítim. Gnóthaí Eachtracha.2. Bheirtear faoi deara go mbeidh tuilleadh eolais ag teastáil sara bhféadfar breith a thabhairt ar an moladh ón gCoiste go socrófaí téarmaí agus coinníollacha aisíoca airleacan a tugtar don Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach faoin Acht um Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, 1949. Mar gheall ar fhiacha na Gníomhaireachta a bheith ag méadú, tá súil ag an gCoiste nach fada go dtugtar an bhreith, agus fanfaid le tuilleadh scéala faoin ní seo ón Aire. Eolaíocht agus Ealaí.3. Tugann an Coiste faoi deara go n-aontaíonn an tAire lena dtuairim faoi virement d’fheidhmiú le méadú ar chaiteachais sheirbhíse nár soláthraíodh faoina gcomhair trí dheontas-i-gcabhair. Poist agus Telegrafa.4. De bhrí gur inmholta go mór go míneofaí go soiléir cúrsaí conartha na Roinne maidir le socruithe chun litreacha poist d’iompar d’iarnród, tá súil ag an gCoiste go gcríochnófar a luaithe ariamh agus is féidir an breithniú atá á dhéanamh ar an ní seo. Cosaint.5. Anois agus an tAcht Maoine Stáit, 1954, ina dhlí, tá súil ag an gCoiste nach ndéanfar moill intseachanta nó go léirítear an chuma a bhfuil an scéal maidir le tailte atá dílsithe san Aire Cosanta. Tugaid faoi deara go bhfuil geallta ag an Aire go dtiomsófar clár de mhaoin na Roinne agus go mbunófar córas tiomchuartaíochta. Seirbhísí Leasa Shóisialaigh Ilghnéitheacha.6. Tuigeann an Coiste na deacrachtaí a bhaineas leis na hAchta Oideachais (Béilí a Sholáthar). Ba mhaith leo a mheabhrú, ámh, go bhforálann Alt 2 (1) den Acht bunaidh go ndéanfar pé suim a chinnfeas an t-údarás áitiúil a mhuirearú ar thuiste gach linbh i leith gach béile a bhéarfar don leanbh sin faoin Acht sin, agus, mura dtuga an tuiste an íocaíocht, gurb é dualgas an údaráis, mura deimhin leo nach bhfuil an tuiste i ndon, mar gheall ar chúinsí seachas a mhainneachtain féin, an tsuim d’íoc, a cheangal ar an tuiste an tsuim sin d’íoc, agus go bhféadfar aon tsuim den tsórt sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí mar foráltar leis na hAchta Dlínse Achomaire. Ní maith leis an gCoiste go bhfuil sé le tabhairt faoi deara gur cosúil go bhfuiltear ag seachaint na forála sin faoin gcóras atá ann faoi láthair. Is é a dtuairim dá réir sin gur cheart an córas atá ann a mhodhnú go cuí nó, d’eile, go dtabharfaí tograí dlíthiúla isteach go luath chun an scéal a réiteach. Talmhaíocht.7. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil tuilleadh fiosruithe á dhéanamh i dtaobh na gcúiseanna ar glacadh leis an tairiscint dob airde maidir le tochailteoirí a ceannaíodh i leith Thionscadail Athinmheachain na Talún, agus go gcuirfear an toradh in iúl dóibh i dtráth chuí. 8. Tugann an Coiste faoi ndeara na huiríolla a rinneadh leis an Roinn, agus ar ghlac an tAire Airgeadais leo, i dtaobh an bhirt a measadh ba ghá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeadh fillteáin ar fáil dá dtosnaítí athuair ag díol ime le cois na ciondála. Bheirid faoi deara freisin gur cailleadh £4,261 nuair a diúscartaíodh na stoic tiomsaithe páir, is é sin caillteanas do réir £142 an tonna. Tuigeann an Coiste gur ghá sáith fillteán a bheith ar láimh dá mbeadh sin ag teastáil. Measaid, ámh, go bhféadfaí, mar gheall ar na stoic a bhí ar láimh san am, agus toisc go rabhthas tar éis éirí as a bheith ag díol ime le cois na ciondála, daingniú an orduithe ar 9 dtonna páir a tugadh an 31ú Bealtaine, 1951, a choimeád siar nó go mbeadh a fhios go cinnte cé mar bheadh cúrsaí. Seachnófaí ar an gcuma sin £1,278 de chaillteanas. Tuigeann an Coiste go bhfuil socair anois ag an Roinn glacadh le £500 a tairgeadh ar an stoc go léir d’fhillteáin chlóite. CUID II.—CUNTAIS AIRITHE.Mídhílsiú Airgid, etc.9. Is trom leis an gCoiste an méid cásanna atá ar taifead sna cuntais seo ina ndearna seirbhísigh phoiblí airgead a mhídhílsiú. I gcásanna áirithe, is cosúil go mba chabhair do lucht na cúblála an chaoi ar héiríodh as seiceáil áirithe roinne—dealraíonn sé gur easpa maoirseoireachta an chúis leis an gcúbláil i gcásanna eile. Tuigeann an Coiste go rí-mhaith an gá atá le héirí as seiceáil neamh-riachtanach agus le hoiread tíobhais agus is féidir a dhéanamh gan briseadh ar chóras a shlánchoimeádfadh airgead poiblí. Mothaíonn siad, freisin, go gcaithfidh aon chóras rialuithe, go mór-mhór rialú maidir le glacadh agus urláimh airgid phoiblí, a bheith ag braith, sa deireadh, ar an méid maoirseachta a dhéanas ard-oifigigh a bhfuil postanna muiníne acu. Ba mhaith leo a bheith dearfa nach comharthaí na cásanna atá luaite go bhfuil maolú tagtha ar na caighdeáin arda éifeachtúlachta agus ionraicis a mbíonn súil leo, agus a geibhtear de ghnáth, ó oifigigh a mbíonn rialú agus urlámh airgid phoiblí de chúram orthu. Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.10. Tarraingíodh aird an Choiste ar chás ina ndearna oifigeach de chuid na Roinne claonchasadh ar airgead a chruinnigh sé go mírialta i leith riaráistí cánach ioncaim; tuairim £1,730 a bhí i gceist. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise gur gnás, i gcásanna cruatain, riaráistí cánach ioncaim a bhailiú ina dtráthchoda, agus, toisc an méid cásanna inar hardaíodh páigh, go dtáinig méadú mór, le blianta beaga anuas, ar an líon daoine a dhligh cáin d’íoc ionas go raibh broid mhór oibre i mbrainse na riaráistí den Roinn. Is é an córas a bhí ann go ndéanfaí fógra i dtaobh gach íocaíochta a chur láithreach go dtí an Cigire Cánach iomchuí, ach, toisc an líon mór daoine óna raibh bailiú le déanamh, fuarthas nárbh fhéidir claí leis an socrú seo agus, mar sin, coinníodh siar fógraí nó go mbeadh tráthchuid reachtúil íoctha. Bhí de chumhacht ag an oifigeach atá i gceist socruithe a dhéanamh maidir le tráthchoda ach ní raibh údarás ar bith aige íocaíochtaí a ghlacadh. Mar sin féin, chuaigh sé go pearsanta go dtí cáin-íocóirí agus chruinnigh tráthchoda nár tugadh admhála oifigiúla ina leith agus nár tugadh chun cuntais. Sa ghnáth-shlí bhéarfaí faoi deara, nuair a bheadh na comhaid iomchuí á n-athscrúdú, nár tugadh cuntas ar na fáltais sin, ach choinnigh an mainneachtóir na comhaid ceilte, agus níor tugadh faoi deara an cheilt sin go ceann tréimhse fada mar gheall ar an mbroid oibre a bhí ann san am. Admhaíonn an Coiste gur cuireadh trommheáchan ar an bhfoireann a bhí ag plé le riaráistí a bhailiú toisc an méadú a tháinig, sa tréimhse ó 1945-46 i leith, ar an líon daoine óna raibh cáin ioncaim dlite, ach is cás leo a thabhairt faoi deara go mb’usaide an chalaois a dhéanamh gan ceangal ceart a bheith idir Brainse na Riaráistí agus na Cigirí Cánach agus toisc córas athscrúduithe na gcomhad a bhriseadh. Ní mheasaid gur den chríonnacht na modhanna rialuithe a meastar a bheith riachtanach faoi ghnáth-chúrsaí a mhodhnú san am a mbeadh méadú ar an gcontúirt, agus ní mór leo a nochtadh go bhfuilid anmhíshásta faoi chóras a bheith ann faoina bhféadfadh oifigeach cuíosach sóisearach scríbhinní tábhachtacha roinne a cheilt ar feadh tréimhse fada. An Dánlann Náisiúnta.11. Muirearaíodh suas le £1,000 ar an gcuntas seo chun macasamhla de phictiúirí áirithe a chur ar fáil i bhfoirm chártaí poist cé nár seachadadh na cártaí poist go dtí tar éis tosach na bliana airgeadais. Dealraíonn sé ón bhfianaise a tugadh os comhair an Choiste gur tarraingíodh na horduithe íoctha an 31ú Márta, 1953, ach nár heisíodh chun na soláthróirí iad go dtí mí Mheithimh ina dhiaidh sin nuair a seachadadh na cártaí poist. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur mheas sé an muirearú a bheith cóir ó tharla gur i meastachán na bliana a bhí faoi athbhreithniú a rinneadh an socrú airgeadais i leith na soláthairtí sin. Glacann an Coiste lena ráiteas gur go hionraice a rinne sé amhlaidh agus nárbh eol dó dada a bheith mícheart leis an nós imeachta a lean sé. Ach ní féidir leo gan a chur i dtrácht nach raibh na cuntais in úd a n-íoctha faoin 31ú Márta, 1953, agus dá bhrí sin, go mba neamhrialta amuigh agus amach iad a mhuirearú ar an vóta. Sna cúinsí seo, níl neart acu ach a mholadh go ndícheadófaí an muirearú. Bhreithnigh an Coiste freisin an nós imeachta a leanadh maidir leis na cártaí poist d’ordú. Dealraíonn nach raibh cúrsaí an chonartha leis na soláthróirí soiléir ar fad, agus ní dheachthas i gcomhairle ar chor ar bith le hOifig an tSoláthair i dtaobh an scéil. Luadh gur orduithe trialacha turgnamhacha na horduithe, ach measann an Coiste go mb’fhóinteach dá mbaintí feidhm as taithí Oifig an tSoláthair agus tá súil acu go ndéanfar sin feasta nuair a beifear ag tabhairt orduithe. Gnóthaí Eachtracha.12. De dheasca laghdú a bheith tagtha ar luach ceannaigh airgid reatha na hÉireann i dtíortha áirithe chun a bhfuil oifigigh don Roinn creidiúnaithe, íoctar cúiteamh leis na hoifigigh sin faoi rialacháin a cheadaigh an Roinn Airgeadais. Tá an cúiteamh sin faoi réir a choigeartuithe i leith tréimhsí a chaitheas na hoifigigh sin as láthair ó na tíortha chun a bhfuilid creidiúnaithe. Tuigtear don Choiste go ndearnadh roinnt éigin breis-íocaíochtaí sna blianta atá caite mar gheall ar mhodh mícheart coigeartuithe a bheith in úsáid, agus gur ordaigh an Roinn Airgeadais aon bhreisíocaíochtaí a rinneadh in aghaidh tréimhsí ón lú Meán Fómhair, 1949, d’aisghabháil. Tá curtha in iúl ag an Roinn sin go ndéanfar, ar shocruithe don aisghabháil sin a bheith déanta, aon uiríolla a bhreithniú a mheasfas an Roinn Gnóthaí Eachtracha ba chóir a dhéanamh maidir le haisghabháil a ligean i gceal i gcás aon bhreisíocaíochtaí a rinneadh i leith tréimhsí roimh an dáta sin. Beidh an Coiste buíoch má cuirtear in iúl dóibh, i dtráth chuí, cad iad na suimeanna a fuarthas ar ais agus cad é breith dheiridh na Roinne Airgeadais maidir le haon bhreis-íocaíochtaí nach bhfuarthas ar ais. Cosaint.13. Díríodh aird an Choiste ar £693 de riaráistí cíosa a bhí carnaithe i leith maoine áirithe a glacadh ó Rialtas na Breataine i 1938. Cuireadh in iúl dó go raibh dlúthbhaint ag ceist na riaráistí le hiarratais ar léasanna nua ó na tionóntaithe, agus gur dhiúltaíodar sin cíos d’íoc nó go ngéillfí dá n-éilithe. Níor bhfhéidir leis an Roinn, áfach, comhaontuithe nua a dhéanamh, ina mbeadh forála maidir leis na riaráistí, go dtí go n-achtófaí An Bille Maoine Stáit. Tá súil ag an gCoiste, toisc go ndearnadh Acht den Bhille seo le déanaí, go gcuirfidh sin ar chumas na Roinne socruithe a dhéanamh chun na riaráistí cíosa a bhailiú gan rómhoill. 14. I 1946, fuarthas nach raibh gá a thuilleadh le cuid mhór páirteanna breise do mhótar-fheithiclí a bailíodh le linn na hÉigeandála. Rinneadh tuairim £10,900 as a ndíol suas go dtí 31 Márta, 1953. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur tuairim £10,000 luach an fharasbáirr, go raibh tuairim 1,200 mír sa méid sin agus go rabhthas a bhreithniú cén tslí an fhearr chun iad a chur de láimh. Abhar imní don Choiste an fhad atá sé a thógaint déileáil leis na stoic seo, nuair a féachtar don chostas stórála agus don bhaol nach mbeadh éileamh orthu, agus is mian leo go gcuirfí in iúl dóibh é nuair a bheas cinneadh críochnaitheach déanta maidir lena gcur de láimh. Arm-Phinsin.15. Bheir alt 7 den Acht Arm-Phinsean, 1943, arna leasú leis na hAchta Arm-Phinsean, 1946 agus 1949, údarás chun liúntais speisialta d’íoc le daoine áirithe a bhí ina gcomhaltaí d’eagraíocht lenar bhain Cuid II d’Acht na nArm-Phinsean, 1932, agus a fuair boinn i leith an chomhaltais sin. Tá deonadh na liúntas sin faoi réir na forála go mbeidh an tAire Cosanta sásta gur go cuí a dámhadh na boinn. Díríodh aird an Choiste ar thrí cásanna inar dámhadh liúntais do dhaoine agus go bhfuarthas amach trí fhiosrúcháin ina dhiaidh sin nach raibh siad i dteideal na mbonn a bronnadh orthu. Deirtear leis an gCoiste gur scoireadh de na liúntais d’íoc sna cásanna sin agus go bhfuiltear ag iarraidh na suimeanna a híocadh, tuairim £970 san iomlán, d’aisghabháil. Do réir mar thuigeas an Coiste ó fhianaise an Oifigigh Chuntasaíochta, is amhlaidh a bhí, nuair a cuireadh tús i 1942 leis an scéim chun boinn a dhámhadh, nach raibh aon choinne go mbeadh aon bhuntáiste airgid ag gabháil le heisiúint bhoinn agus dá bhrí sin gur nós imeachta ní ba shimplí ná mar leanfaí dá mbeadh pinsean nó liúntas i gceist an nós imeachta a leanadh chun a chinntiú go raibh duine i dteideal boinn. O tharla anois go bhfuil dámhadh boinn ina ní cinnteach maidir le liúntas speisialta a dheonadh, tá an Roinn ag déanamh iniúchadh féachaint an leor an socrú atá ann chun teideal duine a chinntiú nuair a héilítear bonn. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil cásanna eile tagtha chun solais inar bronnadh boinn agus go bhfuarthas amach trí fhiosrúchán ina dhiaidh sin nach raibh na coinníollacha cuí comhlíonta chun go ndeonfaí na boinn sin agus is cúis imní don Choiste go bhfuil baol atá ann go gcaillfí tuilleadh airgid phoiblí. Ba mhaith leo go bhfaighdís tuairisc i dtráth chuí ar an gcaoi a bhfuil an scéal maidir le haisghabháil na mbreis-íocaíochtaí sin atá i gceist agus ar thoradh an iniúchta atá ar siúl ag an Roinn maidir le socruithe i dtaobh teideal daoine chun bonn a chinntiú. Páipéarachas agus Clódóireacht.16. Forálann an conradh le haghaidh clódóireacht pharlaiminte go n-íocfar cíos as cló a coinnítear ar deil ar feadh tréimhsí is sia ná sé míosa agus is gnás an cló le haghaidh billí parlaiminte a choinneáil ar deil nó go ndéantar dlí dhíobh. Tuigtear don Choiste go raibh cíos-mhuirir roinnt blian ag carnadh i leith billí nach ndearnadh dlí dhíobh, toisc nach ndearnadh aon tsocrú chun féachaint ó am go ham ar ghá an cló a choinneáil ar deil. Dúradh sa bhfianaise nach raibh a fhios ag Oifig an tSoláthair faoin muirear leanúnach sin nó gur iarr an Conraitheoir cead an cló a scaipeadh. Ní maith leis an gCoiste an díth rialuithe ar chaiteachas a thugas fíorais an cháis seo chun solais, agus tá súil acu go bhféadfar a áirithiú, trí shocrú neamhchostasach éigin, nach gcarnóidh cíos-mhuirir gan riachtanas feasta. 17. Díríodh aird an Choiste ar an gcaoi ar hosclaíodh roinnt de na tairiscintí ar bheart-chlódóireacht roimh an dáta cuí, agus dá bhrí sin, nach ndearnadh dhá thairiscint inar luadh rátaí dob ísle ná na cinn ar glacadh leo a bhreithniú cé go bhfuarthas in am iad. Dheimhnigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste go gclaítear do dlúth leis an nós imeachta maidir le conartha atá leagtha síos do gach Roinn Soláthair agus gur ócáid ar leith í seo ina ndearna an fhoireann a bhí ag plé le tairiscintí dearmad maidir leis an dáta ar cheart riar áirithe díobh d’oscailt. Chomh maith leis sin, bhí locht ar na Conraitheoirí i gcásanna áirithe sa méid gur chuireadar, de dhearmad, in aon chlúdach amháin tairiscintí a bhí le breithniú ar dhátaí éagsúla. Dúirt sé freisin nach nglacfaí ar chaoi ar bith leis na tairiscintí ar coisceadh a mbreithniú agus nach raibh aon chailliúint airgid phoiblí i gceist. Tuigeann an Coiste gur cuireadh an t-eolas ar fad faoi bhráid Choiste Chonarthaí an Rialtais agus gur dhaingnigh siadsan an chéad bhreith a tugadh. Sna cúinsí sin, glacann siad leis an míniú a thug an tOifigeach Cuntasaíochta. Is mian leo áfach, a chur in iúl a thábhachtaí atá sé claí go dlúth leis an nós imeachta atá ceaptha chun plé le tairiscintí. Oifig an Aire Oideachais.18. Bhreithnigh an Coiste muirear £33 6s. 9d. i leith costais taistil nár tugadh aon deimhnithe ina thaobh. Dealraíonn sé gur bhain an t-oifigeach sa gcás leas as gluaisteán d’fhostaigh sé, lena thiomáint é féin, do thurais áirithe agus, ó tharla gan na rátaí in aghaidh an mhíle is iníoctha i gcásanna mar sin socraithe do réir rialacháin ceadaíodh dó na rátaí is cuí do thurais i taxi. Ní thuigeann an Coiste cén t-údar ar cheadaigh an Roinn na rátaí arda do mhodh taistil ba saoire. Cuireadh in iúl dóibh go bhfuiltear tar éis na fíorais a chur faoi bhráid na Roinne Airgeadais agus ní dhéanfaid aon tagairt eile don scéal nó de go dtuga an Roinn sin breith. Eolaíocht agus Ealaí.19. Soláthraíodh suim £2,500 mar dheontais chun costais leabhair d’fhoilsiú i nGaeilge ag foilsitheoirí neamhspleácha. Bhí na deontais sin iníoctha do réir coinníollacha a leag an tAire Oideachais síos le ceadú an Aire Airgeadais, agus bunaíodh comhlucht ar ar tugadh Bord na Leabhar Gaeilge le iad a riaradh. Do híocadh £2,440 leis an mBord in imeacht na bliana, ach níor cuireadh deimhnithe i dtaca leis an tsuim sin a mhuirearú ar an vóta ar fáil don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ná níor tugadh fianaise ar aird gur comhlíonadh na coinníollacha maidir leis na deontais d’íoc. Tuigeann an Coiste gur comhlucht nua-bhunaithe an Bord agus nach raibh eolas acu ar na rialacha a bhaineas le hairgead vótáilte d’íoc. Gheall an tOifigeach Cuntasaíochta go gcuirfeadh sé an fhaisnéis a bhí in easnamh ar fáil don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá sé curtha in iúl don Choiste anois go bhfuil deimhnithe curtha isteach anois maidir le híocaíochtaí ar cóiméid le méid iomláin an mhuirir, ach gur ar vóta na bliana airgeadais 1953-54, dob inmhuirir £230 16s. 11d. de sin ó cheart, is é sin, suim nach raibh caite ag an mBord faoi 31 Márta, 1953. Is mian leo a mheabhrú go soiléir arís go gceanglann an córas cuntasaíochta d’airgead vótáilte go gclaífear go dlúth leis an riail go gcinneann dáta an íoca bliain an mhuirir. Molann siad dá réir sin an £230 16s. 11d. de mhuirear a dhícheadú. Iascach.20. Bhreithnigh an Coiste ceist riaráistí na mblianacht a bunaíodh le hairleacain d’aisíoc a tugadh don Chomhlachas Iascaigh Mhara le haghaidh bád agus fearais. Tháinig méadú ar na riaráistí seo ó £33,525, 31 Márta, 1952, go £48,200, 31 Márta, 1953. Dúradh sa bhfianaise gur bhraith na haisíoca ar thuilleamh na n-iascairí ar tugadh iasachta. dóibh agus go raibh fáthanna ann gur ar éigin dob fhéidir méid iomlán na riaráistí a bhailiú. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil na riaráistí ag dul i méid do réir a chéile na blianta deireannacha seo; tuigeann siad, áfach, go bhfuil an cheist á plé idir an Roinn Airgeadais agus an Bord Iascaigh Mhara, agus is mian leo go gcuirfí an toradh in iúl dóibh. Tionscail agus Tráchtáil.21. Thaispeáin cuntais Allmhuireoirí Tae Tta. don tréimhse go dtí 4 Iúil, 1952, nuair a scoireadh de chúnamh airgid d’íoc, go raibh iarmhéid £1,156 dlite don Roinn Tionscail agus Tráchtála. Tuigeann an Coiste gur ghlac an Chuideachta, nuair a bhí an tsuim sin á ríomh acu, creidiúint i £81,000, ar mheasadar nach as cúnamh airgid d’fhás sé agus nár chóir é d’aisíoc dá bhrí sin. Níl glactha ag an Roinn leis an tuairim sin. Is é a bhí i £45,000 den tsuim sin brabús a rinne an Chuideachta sa cheithre mhí roimh 1 Samhain, 1947, nuair a híocadh cúnamh airgid den chéad uair. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur athraigh praghas ceannaigh an tae ó am go ham ach nárbh inmholta an praghas díola d’athrú go minic agus dá bhrí sin nárbh fhéidir brabús agus cailliúint a sheachaint amanta. An brabús £45,000 a rinneadh sarar tosaíodh ag íoc cúnaimh airgid, húsáideadh é, ó héiríodh as an gcúnamh airgid d’íoc, chun praghas an tae a chobhsú agus is é tuairim na Roinne anois gur húsáideadh i gceart é chun na críche sin. Níl aon ní le rá ag an gCoiste maidir leis an ítim sin. An £36,000 d’iarmhéid is é bhí ann £32,000 a charnaigh i gCiste Arachais Mhuirí maraon le £4,000 a bhí á choimeád mar chúltaca faoi chomhair dliteanais dob fhéidir a thiocfadh i leith Cánach Díolachán Indiach. Tuigtear don Choiste go bhfuil úsáid na suimeanna sin á plé fós agus beidh siad buíoch ach scéala d’fháil nuair a déanfar cinneadh. 22. Bhí an £88,000 de thórainn a forchuireadh le hAchta Chuideachta na Mianraí ar airleacain a tabharfaí do Mhianraí, Teoranta, maidir le Gual-Láthair Shliabh Ardachaidh, sroichte faoi 31 Márta, 1952, agus, d’fhonn go bhféadfaí leanúint den obair sa límistéir sin, tugadh Meastachán Forlíontach isteach i rith na bliana 1952-53 ionas go bhféadfaí tuilleadh airleacain a thabhairt don chuideachta. Taispeánadh i nóta a cuireadh leis an Meastachán Forlíontach go raghadh na híocaíochtaí thar an tórainn atá sonraithe sna reachta agus go dtabharfaí reachtaíocht leasaitheach isteach a luaithe dob fhéidir. Tugadh suim £16,614 ar airleacan don chuideachta faoin údarás sin. Díoladh leas na cuideachtan i nGual-Láthair Shliabh Ardachaidh i mí Feabhra, 1953. Ba é tuairim an Aire, agus an scéal mar bhí, nárbh iomchuí reachtaíocht a thabhairt isteach d’aon-aidhm chun íoc an £16,614 a dhéanamh rialta agus bheartaigh sé cead Dháil Éireann d’fháil, i bhfoirm forála i meastachán ina dhiaidh sin, le go n-áireofaí an t-airleacan mar shaor-dheontas neamh-reachtúil. Cuireadh in iúl don Choiste gur moillíodh an meastachán a thabhairt isteach go dtí go mbeadh críoch leis an díolachán. Bhain moill don díolachán féin de dheasca deacrachtaí dlithiúla. Toisc a riachtanaí atá sé an cúrsaí a dhéanamh rialta tá súil ag an gCoiste go gcríochnófar an scéal go luath. Seirbhísí Eitlíochta agus Metéaraíochta.23. Bhí d’fhoráil i gconradh chun oibreacha áirithe a chríochnú go mbeidís déanta laistigh de 5½ mí, agus go ndlifí pionóis a chur ar an gconraitheoir dá dteipeadh air na hoibreacha a chríochnú laistigh den am ordaithe mura rud é gur cúinsí sonraithe áirithe faoi deara an teip sin. Dhealraigh sé gur cheadaigh an Roinn ó am go ham faidiú ar an tréimhse lena gcríochnú i gcúinsí seachas iad sin a bhí ceaptha i gcoinníollacha an chonartha, agus gur ghlac sé tuairim is ocht mí dhéag an obair a chríochnú. Bhreithnigh an Coiste an scéal maidir le dliteanas an chonraitheora faoin gclásal a raibh forála pionóis ann agus maidir leis na cúinsí inar deonadh faidiú ama ar chúiseanna seachas cúiseanna faoi réim an chlásail. Dúradh i bhfianaise gur chuir nithe nach raibh aon neart ag an gconraitheoir orthu bac ar an obair ó dhul chun cinn agus gur measadh nach raibh aon chosc ar an Roinn faidiú a dheonadh ar chúiseanna tábhachtacha nach raibh luaite sa chonradh. Dhealraigh sé, ó thuairiscí a cuireadh ar na Ranna i gcoitinne, cé go gcuirtear i gconartha forála chun pionóis a ghearradh mar gheall ar mhoill ag críochnú oibreacha gur annamh a déantar, má déantar ar aon chor, na pionóis sin a chur i bhfeidhm. Sa chás áirithe a bhí faoi bhreithniú rinneadh tairiscint níos ísle, a ndéanfaí dá réir an obair a chríochnú laistigh de dhá mhí dhéag, a chur de leataoibh toisc an fhad ama a bhí beartaithe don obair. Má meastar gur neamhoiriúnach pionóis a chur i bhfeidhm in aon chás nach ndéantar do réir na gcoinníollacha sa chonradh, níl an Coiste cinnte gur ceart go nglacfaí, mar gheall ar chúrsaí ama amháin, le tairiscint ar bith seachas an tairiscint is ísle. (Sinithe) W. A. W. SHELDON, Cathaoirleach. 30 Márta, 1955. |
||||||||||||