Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1952 - 1953::08 July, 1954::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 8 Iúil, 1954.

Thursday, 8th July, 1954.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 am.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí A. de Barra, Mac Phartholáin, S. Ó Braonáin, MacArtúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, A. Dockrell, Ó Donnagáin, T. Ó Loingsigh, M. Ó Murchadha, Ó hEaghra. agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta S. Ó Braonáin:—


“That Deputy Sheldon be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus d’aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1952-53.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana, 1952-53. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Coimisiúin agus Fiosrucháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeall Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Deontais Fhorlíontacha Talmh aíochta Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Cúnamh Teicniúil, Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, Aisíocaíochtaí leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Tabhartais agus Tiomanta Déircúla, An Dánlann Náisiúnta agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh E. Mac Réamoinn (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoírleach na gCoimisinéirí Ioncaim), C. Mac Eilgeóid (Coimisinéir Luachála), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla, T. Mag Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), D. Ó Cobhthaigh (Oifig na n Annálacha Poiblí), S. Mac an Airchinnigh agus L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí Déardaoin, 15 Iúil.