Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1952 - 1953::30 March, 1955::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

16ú Meitheamh, 1954:—Do hOrdaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1953, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu [Rúnai Parlaiminte an Taoisigh].


24ú Meitheamh, 1954:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí A. de Barra, MacPhartholáin, S. Ó Braonáin, MacArtúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, A. P. Dockrell, Ó Donnagáin, T. Ó Loingsigh, M. Ó Murchadha, Ó hEaghra agus Sheldon.