Committee Reports::Report No. 01 (1955) - Statutory Instruments ::31 March, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 31 Márta, 1955.

Thursday, 31st March, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comealtaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Dubhglas, Fearáin, Ó hEacháin, Ó Síthigh-Sceimhealtún agus Breathnach.


3. Scrúdú ar Ionadaí Roinne.


Tar éis scrúdú a dhéanamh ar Bhreandán Mac Thighearnáin, B.L., an t-ionadaí a cheap an Roinn Rialtais Aitiúil chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné de dhroim Orduithe 10 Márta, 1955—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Rialacháin na dTithe (Deontais d’Udaráis Tithe), 1954 [I.R. Uimh. 174 de 1954].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú Uimh. ]), 1954 [I.R. Uimh. 142 de 1954].


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir na nOrduithe den 10 Márta, 1955, a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Chontae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath (Togh-Líomatáistí), 1954 [I.R. Uimh. 143 de 1954].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluíteacha) (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 155 de 1954].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Rialacháin na dTithe (Oibreacha Deisiúcháin agus Feabhsúcháin), 1954 [I.R. Uimh. 200 de 1954].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú fán Ordú um Chóir Ghléasta Chniotálta Olla d’Allmhuiriú, 1952 (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 186 de 1954].


An tOrdú chun Onnmhuirithe a Rialú, 1954 [I.R. Uimh. 193 de 1954].


(iv) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú Cruithneachtan, 1954 [I.R. Uimh. 148 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Tairgí Talmhaíochta (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Éanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú Sealadach), 1954 [I.R. Uimh. 247 de 1954].


(v) D’ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:


Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1954 [I.R. Uimh. 139 de 1954].


5. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an fiche a seacht ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacha Nós Imeachta (Óglaigh na hÉireann), 1954 [I.R. Uimh. 243 de 1954].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta agus Forála Ilghnéitheacha) (Idirlinn) (Leasú) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 265 de 1954].


Rialacha le haghaidh Príosún Míleata agus Beairicí Coinneála, 1954 [I.R. Uimh. 291 de 1954].


An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 295 de 1954].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann (Finnéithe Sibhialta a Thoghairm), 1954 [I.R. Uimh. 297 de 1954].


Ordú na nÉanacha Fiáine (Contae Bhaile Atha Cliath) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 298 de 1954].


An tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Chomhairle Contae Chill Mantáin (Ceadú), 1954.


An tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Athscrúdaithe Cheantar Sláinte Chontae Cheatharlach, 1954 (Ceadú), 1954.


An tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Saothruithe Cheantar Sláinte Contae Chill Dara, 1954 (Ceadú), 1954.


An tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Chomhairle Contae Corcaigh, 1954.


Rialacháin Fórsaí Cosanta—


An Cúltaca Fear—An Chéad Líne. R.F.C. 6/1954.


An Fórsa Cosanta Áitiúil. R.F.C. R.5—Leasú Uimh. 30.


An Slua Muirí. R.F.C. R.6— Leasú Uimh. 15.


An Cúltaca Fear—An Chéad Líne. R.F.C. 8/1954.


An Cúltaca Fear—An Chéad Líne. R.F.C. 9/1954.


An Fórsa Cosanta Áitiúil. R.F.C. R.5—Leasú Uimh. 31.


An Fórsa Cosanta Áitiúil—R.F.C. R.5—Leasú Uimh. 32.


An Fórsa Cosanta Áitiúil—R.F.C. R.5—Leasú Uimh. 33.


An Cúltaca Fear—An Chéad Líne. R.F.C. 12/1954.


An Fórsa Cosanta Áitiúil—R.F.C. R.5—Leasú Uimh. 34.


An Slua Muirí. R.F.C. R.6—Leasú Uimh. 16.


Araíonacht. R.Ó.É.A.7—Leasú Uimh. 17.


Páigh agus Liúntais (Na BuanÓglaigh). R.Ó.É.—R.3—Leasú Uimh. 136.


(ii) D’ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar na Ranna lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Banc Taisce an Phoist, 1921 (Leasú), 1954 [I.R., Uimh. 277 de 1954].


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1954 [I.R. Uimh. 294 de 1954].


An tOrdú um Shéad-Chomharthaí Náisiúnta (Buan-Choimeád) Uimh. 202 de 1954.


An tOrdú um Shéad-Chomharthaí (Buan-Choimeád) Uimh. 203 de 1954.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 3.35 p.m.