Committee Reports::Report No. 01 (1955) - Statutory Instruments ::05 May, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 5 Bealtaine, 1955.

Thursday, 5th May, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Dubhglas, Fearáin, Ó Síthigh-Sceimhealtún agus Breathnach.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir na Ranna isteach do réir na nOrduithe den 10 agus den 31 Márta, 1955, a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha—


An tOrdú um Chreimirí agus Insectivora (Srian le hAllmhuiriú), 1954 [I.R. Uimh. 114 de 1954].


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1954 [I.R. Uimh. 294 de 1954].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1954 [I.R. Uimh. 139 de 1954].


An tOrdú um Shéad-Chomharthaí Náisiúnta (Buan-Choimeád), Uimh. 202 de 1954.


An tOrdú um Shéad-Chomharthaí Náisiúnta (Buan-Choimeád), Uimh. 203 de 1954.


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Banc Taisce an Phoist, 1921 (Laesú), 1954 [I.R. Uimh. 277 de 1954].


4. Tuarascáil an Choiste.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil i láthair agus léadh í mar leanas:—


D’aontaíodh míreanna 1 go 13 go huile.


D’aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil.


D’ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh do Sheanad Éireann.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.35 a.m.